Is fada an bóthar iarainn nach mbíonn casadh air uair éigean
NÍL sé éasca an ráiteas Béarla - to see your name in lights - a aistriú go Gaeilge agus tá roinnt cúiseanna le sin.
Sa chéad dul síos is nath cainte é atá nua aimseartha (tháinig sé tar éis teacht an leictreachais!) agus mar sin níl leagan blasta dúchasach againn.
Ní bheadh i gceist ach leagan sórt gallda le focail Gaeilge ach gan brí Gaeilge.
Cúis eile nach bhfeicfeá an Ghaeilge ‘i soilse’ ná go raibh deacracht, is cosúil, ag leithéidí Iarnród Éireann bog earraí cuí a aimsiú leis an leagan cheart, le gach fada san áit cheart, a chur in áirde ós cionn an suíochán a raibh curtha in áirithe agat.
Ach an tseachtain seo cháite, chonaiceamar go léir an solas mar gur éirigh leis an gcomhlacht iompair Éireannach - an cuimhin libh CIE - Cycling Is Easier? - an bogearra a cheartú agus anois feiceann tú d’ainm ós cionn do shuíochán de réir mar a chuir tú isteach sa chóras áirithinte é.
Shamhlófá gur bua beag é seo ach ní sin mar a fheictear do chainteoirí Gaeilge é. Anuraidh thug fear Gaeltachta, Ciarán Ó Cofaigh, an dúshlán don Fheidhmeannacht Sheirbhísí Sláinte mar gur dhiúltaigh siad an litriú ceart dá ainm Ghaeilge a úsáid ar a chomhaid agus é ag téarnamh tar éis tinnis in oispidéal sa Ghaillimh, ospidéal atá ar theorainn na Gaeltachta.
Thug sé a chás go dtí an Choimisnéir Faisnéise ar an mbonn gur sháraigh sé rialacha GDPR agus sa deireadh, cé gur ghlac an Choimisinéir go raibh droch chleachtas i gceist, níor ghlac sí le cás Uí Chofaigh ina iomláine.
Deir an seanfhocal Ghaeilge gur fada an bóthar nach bhfuil casadh air - agus tá sé sin fíor don bhóthar iarainn freisin. Agus tá seanfhocal a deir go ngiorraíonn beirt bóthar. Sa chás seo giorraíonn ‘fada’ bóthar don Ghael!