The Corkman

Táimíd faoi ghlas ag galar

- AN COLÚN CORCAÍOCH CONCUBHAR Ó LIATHÁIN coliathain@corkman.ie

AN tseachtain seo chaite agus mé ag scríobh anseo bhíos ag caint ar an dturas a thugas síos go dtí an Charraig - is é sin Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre díbhse nach ón bparóiste seo sibh.

Ach an tseachtain seo, tá deireadh le mo chuid spaisteoir­eachta. Tá siopaí ar oscailt anseo, gan amhras, ach ní mór a bheith siosmaidea­ch, is é sin ciallmhar, mar gheall ar thurais a thabhairt i measc na ndaoine. Mar sin táimíd ag gearradh siar go mór ar na turais a thugaimíd amach on dtigh.

Tá cloiste agam faoi fhear a dúirt lena bhean: “Táimse ag dul amach chun a dhóthain dí a fháil ar feadh coicíse don tríú uair an tseachtain seo!”

Last week I recounted my trips to the shops in Ballymakee­ra/Ballyvourn­ey to get a sense of what was happening - this week I’ve put a stop to my gallop. The shops remain open but it’s time to be even more sensible and only to go out when absolutely necessary. As it happens I heard of one fellow telling his wife that he was off out to the shops to get enough drink for a fortnight - for the third time that week!

Táim féin ag tógaint go bog é agus ní bhím ag ól an oiread sin ar aon nós. Ní mar sin a bhíodh sé i gcónaí ach táim go breá socair ar aon nós agus b’fhéidir gloine fíona nó leath cheann - sin a thugaimíd ar braon fuiscí - istoíche. Nior mhaith leat an nós a chailliúin­t ar fad!

Is cinnte go bhfuil athrú ar ár saol mar gheall ar an víreas seo agus dá olcas a bhí cúrsaí roimhe seo, beimíd lán sasta filleadh ar rud éigean cosúil leis an ghnáth shaol.

I’m taking it easy on that front myself - I take it easy on the drink myself generally but that wasn’t always the case.

A glass of wine or a half one in the evening - you wouldn’t like to go off the beaten track entirely.

All our lives have changed beyond recognitio­n due to this virus and as bad as things might have been before all this kicked off, we’ll be delighted to return to something like all our lives in the good old days.

Is é sin an cheist, is dócha. Cad é an gnáth shaol agus an raibh sé chomh maith le sin ar fad? An bhfuil rudaí ar mhaith leat athrú anois agus an clog curtha siar - nó chun tosaigh - go 00:00?

That’s the question, isn’t it. What is our normal life and do we think it’s as good as all that? Are there things you’d like to change now that the clocks have gone back - or is it forward - to 00:00?

 ??  ?? Alan Titley, sár údar agus saoi
Alan Titley, sár údar agus saoi
 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland