The Corkman

Ubh Cásca difriúil ag teastáil

-

Mar a dúirt mé roimhe, ní raibh mé amuigh sna siopaí le tamaillín agus tá ceist agam oraibh a leitheoirí.

An bhfuil uibheacha Cásca fós á ndíol sna siopaí?

An fath go bhfuilim fiosrach anois, seachas gurb é an trath sin den bhliain atá ann, ná gur doigh liom nach mbeidh ubh seaclaide agam i mbliana.

Tá plean agam ubh Cásca éágsúil a bheith agam - ubh lan de leabhair Ghaeilge atá á lorg agam.

Molaim dibh dul go dtí www.litriocht.com chun togha agus rogha na leabhair Gaeilge a fheiscint ansan. Go deimhin tá gach leabhar Gaeilge i gcló ar fáil ar an suíomh. As seo go dtí Aibreán 19, beidh lascaine de 10% ar fáil ar orduithe níos mó ná €50.

I measc na leabhair atáim ag iarraidh a fháil tá an úrscéal clasaiceac­h, Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, scéal atá lán de ghreann is de shaíocht an tsaoil in ainneoin go bhfuil sé suite faoin bhfód i reilig i gConamara.

Tá comóradh á dhéanamh ar an údar, Mairtín ó Cadhain, i mbliana nó cailleadh é i 1970.

Deirtear gurb é an leabhar seo comhionann ‘Ulyssess’ le James Joyce ach é as Gaeilge.

Ós rud é gur thug Stephen King, údar ‘ The Stand’, úrscéal ficsin faoi ghalar a mharaíonn 99% de dhaonra an domhain roimh coimhlint ollmhór ‘Maith V Olc’, gur thug sé faoi Ulysses a léamh.

Dar leis an sár scribhneoi­r d’iliomad úrscéalta go raibh Ulysses ‘ very Irish’.

Nior thuig mé go díreach cad a bhí ar aigne ag an údar leis an ráiteas sin - ach is léir nach bhfuil sé tar éis tabhairt faoi Cré na Cille go fóill.

Tá leagan Bhéárla den saothar ó pheann Alan Titley - agus ceann eile ó Liam Mac Con Iomaire - agus tá scannán iontach ann freisin.

 ??  ??
 ??  ?? Radharc ón scannán, Cré na Cille.
Radharc ón scannán, Cré na Cille.
 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland