Taispeántas spreagúil ag daltaí idirbhliana faoina n-áit dhúchais
Tá léargas ealaíonta agus spreagúil tugtha ar a n–áit dhúchais ag daltaí idirbhliana ó Choláiste Ghobnatan i mBaile Mhúirne agus Scoil Mhuire, Béal Átha’n Ghaorthaidh i dtaispeántas nua spreagúil.
Is mí-amharach an scéal é, ach mar gheall ar an bpaindéim agus an tréimhse ‘faoi ghlas ag galar’, ní bheidh an taispeántas le feiscint san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne mar a bhí beartaithe. Beidh sé feiscint ar líne in ionad - ar shuíomh idirlín nua bhunaithe go speisialta, www.cartlannaite.org.
Dírithe ar fhuaim, ealaíon, ghluaiseacht is scannánaíocht is féidir dlúthghaol na rannpháirtithe le dúlra na háite a fheiscint i slite éagsúla. De bharr na srianta atá i bhfeidhm i láthair na huaire dhéanamar cinne an taispeántas a sheoladh ar líne seachas san Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne.
Tá an taispeántas mar chuid de thréimhse cónaitheach an rinceora, Siobhán Ní Dhuinnín i gcomhar leis na daltaí, na múinteoirí, an ealaíontóir Helen Ní Chuill agus an ceoltóir Solamh Kelly. D’oibrigh na healaíontóirí seo leis na daltaí thar tréimhse deich seachtaine ag bailiú eolais faoin nGaeltacht trí dhearcadh na rannpháirtithe agus á léiriú le gluaiseacht, cré agus taifead fuaime.
Thosnaíodar an phróiséas ag déanamh fiosrú ar an timpeallacht leis na céadfaí. Bhí an taispéantas in ainm is a bheith leagtha amach mar a bheadh béile ar siúl le miasa éagsúla is maisiúcháin ón choill.
Sa leagan atá ar líne is féidir féachaint ar mhiasa neamhghnácha agus éisteacht le comhrá agus fuaimrian ón áit.
Deineadh doiciméadú ar an ngluaiseacht leis an scannánadóir Arran Bradstock agus an grianghrafadóir Con Kelleher agus tá rogha pictiúir is físeán gairid le feiscint mar chuid den taispeántas.