The Corkman

Samhradh gan an linn snámha?

-

ANSEO i gCúil Aodha, táimíd tagtha go dtí an tráth den bhliain nuair a osclaíonn an linn snámha.

Tá sé aisteach a rá go bhfuil linn snámha i gCúil Aodha – ach níl aon tigh tabhairne ann. B’ábhar magaidh é trath – ach ní le blianta beaga anuas agus béim níos mó ar shaol aclaíochta seachas saol sóisialta.

Is cuimhin liom beagnách leathchéad bliain ó shin nuair a líonadh an linn le h-uisce ón loch don gcéad uair. Bhí an uisce donn ach ba chuma linn.

Tógadh é don Choláiste Gaeilge a bhí san áit ar an gcéad dul síos – agus b’fhada an radharc a bhí ag an gcoiste áitiúil a thóg é – ach le blianta fada, agus an Choláiste Gaeilge imithe, tá muintir na h-áite ag baint úsáid as agus tá sé mar dhlúth chuid den samhradh againn.

Bionn daoine ag teacht ann ó gach sráidbhail­e sa chomharsan­acht, ag foghlaim conas snámh agus tarrtháil a dhéanamh, agus is beag duine i gCúil Aodha nach bhfuil cáillithe mar gharda linne.

Bhí an linn le h-oscailt ag deireadh na seachtaine seo chughainn ach ní féidir le sinn tarlú anois mar gheall ar an gCoróin Víreas atá tar éis an tír ar fad a chuir faoi ghlas.

Deir na rialacha linn gur féidir go mbeidh cead an linn a oscailt ag deireadh mhí Iúil, ach má tharlaíonn sin beidh gá le rialacha ana dhian chun daoine a chosaint ó scaipeadh an víreas.

Idir an dhá linn, beidh orainn cur suas le Samhradh gan an linn snámha a bheith ar oscailt, agus goillfidh sé go mór orm féin. Bhínn ann gach lá, uaireannta faoi dhó, ar maidin roimh obair agus tar éis an lá oibre bheith thart.

Beidh orainn bheith beo linn, agus tiocfaidh an lá go mbeimíd ar ais sa linn arís.

 ??  ?? Tagann na sluaite go dtí an linn snámha i gCúil Aodha ó chian agus ó chongar
Tagann na sluaite go dtí an linn snámha i gCúil Aodha ó chian agus ó chongar

Newspapers in English

Newspapers from Ireland