Daniel agus Majella ag tabhairt cuireadh chun tí dhuit ar TG4
SA bhaile le na réaltaí - is é sin an téama atá ar na cláracha is rathúla ar TG4 na laethannta seo.
De réir mar a léigh sibh anseo cúpla eagrán ó shin, tá Hector sa shed ag bun a ghairdín.
Ó thuaidh i dTír Chonaill tá Daniel O’Donnell agus Majella, a bhean chéile, tar éis cuireadh a thabhairt do lucht féachana TG4 teacht ar chuairt chuig a dtigh gach trathnóna Dé Domhnaigh.
Bionn siad i mbun gach aon sort geaitsí ar an gclár - an tseachtain seo bhí Daniel ag iarraidh peire buataisí Kangoo a chuir air féin sa chistin! Beatha dhuine a thoil dá mba ghabháil a thóin sa loch a deirtear timpeall na h-áite seo maidir lena leithéid d’iompar. Tá’s agam cad a tharlódh dá mbéarfaí ormsa ag iarraidh a leithéid a dhéanamh sa chistin.
Is é seo an tigh chéanna a rinne an ailtire úd, Dermot Bannon, athchóiriú air le h-aghaidh clár ina shraith iomráiteacht teilifíse, Room to Improve.
Bhí ana píosa spóirt sa chlár sin.
Is cuimhin liom fadó, fadó, gur tugadh mé go ceolchoirm de chuid Daniel O’Donnell agus cé go n-aithním go bhfuil talann ar leith aige agus lucht leanúna nach beag, níor thaithin a cheol liom beag nó mór. D’fhag sé patuar mé.
É sin go léir ráite, ní chuireann sé iontas orm go bhfuil sé ag mealladh na sluaite go TG4 an samhradh fada seo.
Is léas nua beatha do roinnt é an dianghlasáil de bharr an víris agus ní olc an rud é sin.
Táim i gcónaí ar son an aiséirí ós rud é gur mhaith liom deis a bheith agam teacht ar ais uair nó dhó mé féin.
Ach is cinnte nach mbeidh mé féin ag déanamh a leithéid de chlár do TG4 go ceann i bhfad.
Go n-éirí leat, a Daniel.