Teachtaireacht ón Uachtarán do dhaltaí bunscoile na hÉireann
TÁ daltaí bunscoile na tíre ró óg don teachtaireacht a sheolann Uachtarán na hEireann chuig seanóirí nuair a shroicheann siad céad bliain d’aois.
An Aoine seo cháite fuair na daltaí agus, anois, iar dhaltaí a bhí ag faire ar Cúla4 Ar Scoil teachtaireacht speisialta ón Uachtarán é féin, Mícheál D Ó hUigín. B’é an Aoine a lá deireannach ‘ar scoil’. A leithéid de bhliain!
Tá trua agam do pháistí scoile. Nuair a bhíos ag dul ar scoil mé féin bheinn ana shásta dá bhfaighinn lá saor mar gheall ar an sneachta.
Fán am seo tá breis is trí mhí saor faighte ag na daltaí agus, cinnte, bhí cian fhoghlaim/remote learning ar bun ach ní h-aon malairt é sin ar an eisearas scoile, bheith ag foghlaim agus ag spraoi le do cháirde.
É sin go léir ráite dhein TG4 éacht agus clár a chur ar an aer ar feadh dhá mhí, Cúla4 ar Scoil, a raibh chomh suimiúil agus siamsúil agus a bhí.
Is é an comhlacht léirithe ‘Meangadh Fíbín’ a léirigh Cúla4 ar Scoil; comhlacht a bhfuil aitheantas agus gradaim bainte amach aige do shraitheanna eile cosúil le Is Eolaí Mé, Is Mise agus Saol faoi
Shráid do dhaoine óga.
B’iad Caitríona Ní Chualáin agus Fiachra Ó Dubhghaill, arbh as Gleanntán do, a bhí ag múineadh le ceachtanna spéisiúla ó mhúinteoirí agus áisitheoirí eile ar fud na tíre.
Tá Samhradh fada ag síneadh rompu agus is dócha nach fada go mbeidh na díolacháin ar ais ar scoil ar siúl sna siopaí arís.
Tá tuairim agam nach mbeidh na daltaí chomh drogallach ag dul ar ais ar scoil i mí Mheán an Fhomhair is a raibh siad i mblianta eile. Beidh an oiread sceitimíní orthu a bheith ag dul ar ais ar scoil nach n-aithneoidh siad iad féin.