The Corkman

Pictiúrlan­na ar oscailt ach cad é a atá le feiscint?

-

AR na rudaí is mó a mhothaíos uaim le linn an tréimhse mire seo atá ag teacht, chun deiridh, tá súil agam, bhí an corr chuairt ar an bpictiúrla­nn gar do bharr an liosta.

Deirtear liom go mbeidh roinnt pictiúrlan­n ag oscailt arís amárach (Dé hAoine) ach níl aon leide go fóill faoi cad iad na scannáin a bheidh á dtaispeáin­t ann.

Is amhlaidh go bhfuil cuid mhaith de na scannáin a bhí le teacht amach an Samhradh seo curtha siar go dtí an Fhómhair agus an bhliain seo chughainn.

Bhíos ag súil go mór leis an scannán is déanaí ó James Bond - No Time To Die. Bhí an scannán sin le h-éisiúint i mí Aibreán ach anois beidh an Nollaig ann sara n-éiseofar é.

San eagrán seo castar bean óg álainn eile linn - ach níl sí ach cúig bhliain d’aois agus is iníon le Bond í. Is cinnte go mbainfidh sise an taispeach don spiaire leis an cheadúnas báis.

Sílim go bhfuil go leor scannáin sruthaithe feicte agam fán am seo agus beidh mé go breá sásta fánúint go bhfaighidh mé an fíor eispearas scannáin arís. Idir seo agus sin, beidh orm bheith righin.

 ??  ?? James Bond - ar ais ar an scaileán mó roimh na Nollag
James Bond - ar ais ar an scaileán mó roimh na Nollag

Newspapers in English

Newspapers from Ireland