An mbeidh glór Mhúscraí le clos ar Ghlórtha an Údaráis ar RTÉRnaG?
CUIREADH tús le Glórtha an Údaráis, sraith nua faoi Údarás na Gaeltachta, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh seo chaite agus iar-chathaoirleach an Bhoird, Seán Ó Neachtain, á chur faoi agallamh ag Máirín Ní Ghadhra.
Beidh scata de mhór phearsaí na Gaeltachta faoi agallamh sna cláracha eile sa sraith, atá ag déanamh comóradh nó ceiliúradh ar an Údarás, atá tar éis dhá scór bliain a shroichint i mbliana. Leithéidí TP Ó Conchúir, Ian Mac Aindriú, Seosamh Ó Cuaig, Fiachra Ó Céilleachair, Cathy Ní Ghoill agus Steve Ó Culáin.
Sa phreas ráiteas a seoladh chughamsa chun an sraith seo a chur i mbéal a’phobail, ní raibh duine ná deoraí ó Ghaeltacht Mhúscraí luaite i measc na n-aoíanna a bheidh le clos ar an gclár seo.
Nuair a thóg mé an cheist seo le RTÉ RnaG, seo an freagra a fuaireas:
“Tá cuireadh tugtha d’ionadaithe éagsúla san ceantair Ghaeltachta, Múscraí san áireamh, a bheith páirteach sa tsraith, ach ní ionann an cuireadh a bheith faighte agus fáil a bheith ar an duine.
“Níl aon duine deimhnithe do Mhúscraí go fóill.”
Is cuimhin liomsa na blianta sna 70í agus ‘Neamhspleachas don Ghaeltacht’ bheith fógartha i ngraifittí ar fhalla Linn Snámha
Chúil Aodha.
Dhá scór bliain níos déanaí agus an sraith chomórtha seo á chraoladh, feictear dom go bhfuil iarracht á dhéanamh ag buanaíocht na Gaeltachta, a bhfurmhór sna Gaeltachtaí móra, Conamara, Tír Chonaill agus Ciarraí, cúngú a dhéanamh ar theorainní na nGaeltachtaí. Deintear é seo ar go leor bealaí atá ar chúl téarmaí, as radharc – mar shampla scéimeanna a bhfaigheann lucht Chonamara an chéad glaoch orthu agus nach mbionn faic fagtha sa chiste fán am a thagann siad chomh fada ó dheas le Múscraí, mar shampla. Ní bhionn a fhiosa agat go dtí go mbíonn sé ró mhall.
Nochtadh an meoin aigne seo le linn na seachtaine nuair a raibh láithreoir Iris Aniar, clár irise do Chonamara, ag cur Éamon Ó Cuív faoi agallamh faoi rogha an Taoisigh d’airí, rogha a d’fhag muintir an Iarthair ar an dtrá folamh.
“Ciallaíonn seo nach bhfuil aon Aire Sinsireach ó Chontae Gaeltachta ag bórd an Rialtais,” dúirt an laithreoir.”
Tamall gairid ina dhiaidh sin, tháinig sí ar ais agus ghabh sí leithscéal mar nár chuir sí Norma Foley, an tAire Oideachais ó Chiarraí a ceapadh. Níor rith sé lei, áfach, leithscéal ó thaobh Chorcaigh nó tá triúr ón Rialtas i gCorcaigh Lár Theas.
Anois ní dóigh liom gur droch aigne i leith Múscraí atá anseo ach léiriú den chosantacht a mhothaíonn daoine ina nGaeltachtaí féin. Tá nóisean freisin i measc sciar áirithe de phobal na nGaeltachtai móra go mbeadh níos mó den chíste á fháil ag a bpobal dá mba rud é ná raibh na Gaeltachtaí beaga, leitheidí Múscraí san áireamh in aon chorr.
Is éan corr í Gaeltacht Mhúscraí sa mhéid is go bhfuil go leor fostaíocht anseo – ach tá an Ghaeilge faoi bhrú gan aon amhras. Tá an Ghaeltacht ar an bpríomh-bhóthar idir Corcaigh is Ciarraí, agus ciallaíonn sé sin gur féidir le daoine teacht anseo ag lorg fostaíocht i gcomhlachtaí áitiúla. Ní droch rud é sin ach fágann sé go bhfuil an teanga faoi bhrú mar nach gá gurb í labhairt na Gaeilge an cloch is mó ar phaidrín na daoine a thagann ár dtreo chun fostaíocht a lorg nó comhlachtaí a bhunú.
Maireann an Ghaeilge beo i rith an ama i Múscraí, agus tá go leor beocht sa chultúr áitiúil sna paróistí éagsúla. Tá scéal suimiúil anseo faoin slí gur fheidhmigh an tÚdarás sa cheantar agus go leor pearsaí aitheanta fós beo chun an scéal sin a ínsint. B’fhéidir, áfach, nár cheart bheith ag brath ar RTÉ RnaG teacht ar chuairt chughainn chun ár scéalta a ínsint. B’fhéidir gur cheart dúinn ár scéal féin a ínsint ar ár meán féin.