Cuimhní cinn ar Sheán Ó Duinnín, sár scéalaí
IS iontach an rud iad na meáin soisialta uaireannta. Ar maidin agus mé ag spaisteoireacht ar Facebook, thug mé faoi ndeara go raibh Seán Ó Duinnín, a cailleadh i 2009 taca an ama seo, á thabhairt chun cuimhne go geanúil ag a mhuintir.
Tá mo chuimhní geanúla féin ar an bhfear seo - sár scéalaí abea é agus bhí roinnt dánta iontacha aige a roinn sí linn ag Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn. Ba sheod é An Taibhreamh a bhí aige a dhéanfadh sé aithris air go minic, nuair a chuirfeadh sé síos ar a a bhás agus a bhí i ndán do nuair a chuaigh sé suas ar Neamh agus síos, ar chuairt ghairid, go dtí an áit eile. Sa deireadh, agus nílim ag iarraidh seo a mhealladh, chriochnaigh sé thar nais ina leaba féin.
Is cuimhin liom freisin na h-oícheannta a chaitheamar ag imirt cartaí sa siopa - bhí siopa aige - agus b’ansan a d’fhoghlaimíos go leor faoi 35 - agus, gan amhras faoin saol ón gcomhluadar léannta agus críonna a bhí bailithe isteach.
Daoine mar Dómhnall Ó hÉalaithe, Dinny the Rookery, Mícheál ‘Fruí’ Ó Loingsigh, Dónal Ó Riordáin agus a thuilleadh nach iad, bhí go leor comhairle acu dom.
Thugaidís ‘Liatháin of Munster’ ormsa ar chúis éigean.
B’fhéidir gur magadh a bhí ann ach chuireadar suas liom chomh fada sin agus é ag iarraidh an ‘short corner’ a dhéánamh le mo thrumpa fánach, ní shéanfainn sin orthu!
Tá siad go léir sa chré anois agus tá gaois na nglúnta imithe leo.
Ach maireann an chuimhne go fóill agus tugann sé idir dóchas agus solás dom bheith ag tabhairt chun cuimhne na laethannta úd i shiopa Sheáin. Suaimhneas síoraí d’anamacha na marbh agus dos na fíréin go léir a d’imigh romhainn.
Ba dhuine de na fíréin é Seán Ó Duinnín.