Melissa’s challenge
LOCAL interior decorator Melissa Ní Críodáin is taking on a fundraising challenge which is far more ‘exterior’ than she’s used to.
The proprietor of Shindig Decor is planning to abseil 190 feet down the outside of the Skyview Tower in Smithfield this coming May.
Melissa is taking on the challenge as a fundraiser for Acquired Brain Injury Ireland and has set her self a modest target of €200 on her justgiving. com fundraising page. Just search for Melissa Ní Críodáin by name.
I’m sure Macroom will match her efforts with generosity!
TÁ sneachta ag titim i Múscraí agus mé i mbun an cholúin seo - ach táimíd ar táirseach shéasúr nua i bhfas agus i mblathú ár dtimpeallacht.
Mar sin is trathúil mar atá Oifigigh Pleanála Teanga na nGaeltachtaí agus OPT Mhúscraí, Liadh Ní Riada, atá ag obair do Chomharchumann Forbartha Mhúscraí, ina measc, ag fógairt scéime nua.
An Ghaeltacht Faoi Bhláth is ainm don scéim, sraith léachtaí ar líne ina mbeidh cainteoirí ós na Gaeltachtaí éagsúla ag roinnt a gcuid eolais faoi chúrsaí gharraíodóireachta.
I measc na gcainteoirí tá Mairéad Ní Lionáird ó Chúil Aodha agus beidh sise ag trácht ar an ábhar, ‘Gairdín na Luibheanna’, nuair a bheidh a seal ós comhair ceamra ‘Zúm’ ar Márta 2. An tseachtain seo chughainn is é Dónall Ó Cnáimhsí ó Thír Chonaill, garraíodóir oilte, a bheidh ag caint faoin ngairdín san earrach.
Chun bheith ábalta bheith páirteach sa scéim seo - agus tá duaiseanna ann freisin - ní mór duit clarú roimh ré ag cutt. ly/6kT5YIN.