The Corkman

Cén sort troscadh a dhéanfar um Charghas, i lár tráth na paindéime?

- CONCUBHAR Ó LIATHÁIN coliathain@corkman.ie

IS dócha go bhféadfá a rá gur tháinig an Carghas aniar aduaidh orainn i mbliana, nó tá sé deacair, is dócha, idirdhealú idir tráth troscaidh agus tráth dianghlasá­la de bharr na paindéime.

Ach tá sé fíor a rá freisin nach bhfuil an cumhacht céanna ag an gCarghas is a bhíodh ag an dtréimhse sollúnta seo, tréimhse ullmhúchái­n don Cháisc, le linn m’óige. Ní raibh le fada.

Ar Chéadaoin an Luaithrigh le linn m’óige is ar éigean go bhfeicfeá duine ag siúl na sráide gan luaithreac­h ar a chlár éadan. Anois, fiú roimh na paindéime, is corr duine a fheicfeá leis an gcomhartha seo orthu.

I suppose it could be said that the start of Lent has caught us on the hop this year. After all it is difficult to tell the difference between days of fasting for religious purposes and the privations of the pandemic.

It’s also true to say that Lent hasn’t the same power as the solemn period of preparatio­n for Easter used to have when I was younger than I am today. It hasn’t had the same potency for some time.

On Ash Wednesday it used to be case that everybody you’d meet would have an ashen cross on their forehead and, even before the pandemic, it’s a rare person you’d meet wearing the signifier.

Bhíodh go leor traidisiúi­n is píosaí filíochta ann faoin gCarghas sna laethannta a bhí. Is cuimhin liom ceann amháin ach go h-áirithe.

“Aoine an Chéasta agus Céadaoin an Luaithrigh, bainfear na cluasa den t-é a íosfadh feoil.”

Laethannta trosca agus traonais abea na laethannta sin de réir dlí na hEaglaise - is é sin ná raibh cead feoil a ithe ná deoch meisciúil thar do bheol.

Bhíodh léamh ana righin ar an gcosc ar feoil ag glúin m’athair agus a leithéid. Is ar éigean go n-íosfadh siad rud ar bith seachas cúpla slis aráin agus is ar éigean go mbeadh ím air. Is cuimhin liom alltacht a bheith orm nuair a thugas faoi ndeara go mbíodh daoine ag ithe ispíní is a leithéid nuair a chuas go Béal Feirste is mé níos sine.

Is cinnte go bhfuil an phaindéim tar éis rudaí a athrú go mór agus gach seans go mbeidh níos mó ag smaoineamh faoin dtrá th seo mar gheall ar an sonc suntasach atá faighte againn ón athrú saoil seo. Beidh le feiscint.

 ??  ??
 ??  ?? Is annamh a fheicfeá duine leis an luaithreac­h na laethannta seo.
Is annamh a fheicfeá duine leis an luaithreac­h na laethannta seo.

Newspapers in English

Newspapers from Ireland