The Corkman

Tá sé in am todhchaí na Gaeltachta a aistriú le haistrithe­oirí an AE

- CONCUBHAR Ó LIATHÁIN coliathain@corkman.ie

TÁ Seachtain na Gaeilge tagtha arís agus tá ceiliúradh fhíorúil á dhéanamh ar ár dteanga náisúnta ar fuaid na tíre - cé, de réir an traidisiún, níl sí á chomóradh an oiread sin sa Ghaeltacht. Rud amháin atá traidisiún­ta ag an an trath seo bliana ná go mbeimís, Gaeil/cainteoirí Ghaeilge, ag caint faoi beocht agus todhchaí na teanga.

Is trua sin ach ní chuireann sé iontas orm , mar is amhlaidh go ndéantar talamh slán den teanga sa Ghaeltacht.

Tá sé sin aisteach mar go dtuigimíd go léir go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú sa Ghaeltacht. Bíonn an oiread sin tuairiscí agus oráidí faoi agus caint san aer faoin slí chun tacú leis an dteanga. Ach nuair a thagann sé chuige, is ar éigean go mbeathaíon­n na briathra breatha sinn.

Bím ag déanamh mo mhachnamh go minic ar na nithe a fhéadfadh dul chun cinn suantasach a dhéanamh agus cuirim romham na nithe sin a bhaint amach.

Tamall de bhlianta ó shin, ceapadh mé ar bhórd TG4 agus ní fada ina dhiaidh sin socraíodh go mbeadh olltoghchá­n ann. Roimh dom dul ar bhórd TG4 bhí orm teacht ós comhair Comhchoist­e Oireachtai­s na Cumarsáide le linn an tSamhraidh i 2010 agus nocht mé cúpla rún do na comhaltaí Oireachtai­s a bhí mo cheistiú faoi m’oiriúnacht dul ar bhórd an chraoltóra.

An chéad moladh a bhí agam ná go mbeadh diospóirea­cht trí Ghaeilge idir ceannairí na bpáirtithe polatúla. Agus den chéad uair, le linn an fheachtais i 2011, bhí diospóirea­cht ann idir na ceannairí as Gaeilge ar TG4. D’éirigh go geal leis - an oiread is go n-éiríonn go geal lena leithéid - agus bhí súil agam go socródh sé teimpléid d’fheachtais toghcháin sa todhchai.

Deineadh iarracht a leitheid a bheith ann i 2016 ach mhaígh duine nó beirt ná raibh siad compórdach ag labhairt i nGaeilge ná raibh, dár leo, maith a dhóthain chun diospóirea­cht a dhéanamh beo ar an dteilifís. Tuigim sin go poinnte ach creidim go gcaithfear an diospóirea­cht a reachtáil as Gaeilge le linn gach feachtas toghcháin - le cinntiú go mbeidh cumas sa Ghaeilge ag ceannairí na bpáirtí.

Tá Teachtaí Dála agus Seanadóirí ag diospóirea­cht sa Dáil faoi láthair agus iad ag iarraidh leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a chuirfidh iachaill ar áisinteach­taí stáit is ranna rialtais níos mó seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Níl oiread is páirtí amhain lena mbaineann na comhaltaí Oireachtai­s seo le leagan Gaeilge dá suíomh idirlín. Ceannairea­cht atá de dhith níos mó ná rud ar bith eile.

Maidir leis an nGaeltacht, tá moladh agam a bheadh ar leas na Gaeltachta agus ná beadh aon chostas ann don stát chiste.

Tá go leor aistritheo­irí fostaithe thall sa Bhruiséal agus in institiúid­í eile de chuid an Aontais Eorpaí agus tá siad ag aistriú caipéisí an Aontais go Gaeilge óir is teanga oifigiúil de chuid an AE í ár dteanga dhúchais. De réir gach tuairisc is scéal a bhfaighim, tá saol breá Gaelach acu thall i gcroílár an Aontais agus go bhfuil comhluadar Gaelach ann - an oiread is gur féidir comhluadar d’aon tsaghas bheith ann na laethannta seo.

Ba dheas liom dá mbeadh na h-aistritheo­irí seo ag obair ar ais in Éirinn, ag déanamh na h-oibre céanna ar son an Aontais ach á dhéanamh anseo sa Ghaeltacht. Chuirfeadh na daoine seo, agus a n-ard scileanna teanga agus a dtuarastai­l raidhsiúla go mór le saol na Gaeltachta. Tá fuíollach daoine fostaithe i dtionscail a bhfaighean­n tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta anseo i Múscraí. Ach is beag duine atá fostaithe sa Ghaeltacht, in aon Ghaeltacht, ag saothrú slí beatha trí Ghaeilge.

Dá mbeadh rogha ag ábhar aistritheo­irí an Aontais Eorpaigh a gcuid oibre a dhéanamh sa Ghaeltacht, tá sé deacair a shamhlú nach mbeadh ardú meanman anseo do phobal na Gaeltachta, go mbeadh Gaeilgeoir­í atá ag brath ar an nGaeilge dá slí beatha ag obair inár measc, ag léiriú don ghlúin atá le teacht gur féidir a leithéid a dhéanamh.

Tá gach éinne ag obair ón mbaile na laethannta seo. Más suim linn i bhfírinne slánu na Gaeltachta, ní mór dúinn an moladh atá déanta agam a mheas agus a phlé, agus a chur i bhfeidhm.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland