Léiriú taibhseach in Halla na Feothanaí
NAOMHÓG ar snámh. Í ár dtabhairt faoin bhfarraige go dtí An Bhrasaoil mar a bhfeicimid tír lán de sholas, de mhaise, d’áilleacht is de thorthúlacht. Ansan an naomhóg briste ina trí coda ar an trá fholamh. ‘Í scriosta, báite, millte, tréigthe’. Caointear go géar goirt í. Cad atá le déanamh anois? Glacadh leis an ‘ longbhriseadh’ i bhfocail Uí Bhrudair, file? Cloistear guth, cítear beart. Moltar gan glacadh leis an éadóchas, leis an gcos ar bolg; moltar gan an bua a ligean leis ‘an oíche mharbh fhuar’. Cuirtear an naomhóg le chéile arís go healaíonta agus seoltar chun farraige go dóchasach, bródúil, í.
B’shin an scéal a bhí sa léiriú taibhseach ealaíonta a bhí i Halla na Feothanaí le déanaí. Bhí an ceol, an comhcheol, an aithriseoireacht, an amhránaíocht, an rince, an cur-i-láthair, an feisteas, an stáitsiú ar fheabhas, a bhuíochas san d’Ealaín na Gaeltachta, a dhein urraíocht ar an togra, don stiúrthóir, Darach Mac Con Iomaire, na healaíontóirí is na dearthóirí is na teicneoirí. Bhí oíche ana thaitneamh, stairiúil, againn sa Halla ar an bhFeothanaigh.
An t-ainm a bhí ar an léiriú seo ná Aisling ? – le comhartha ceiste. An cheist a bhí ag an lucht féachana ag fágaint an Halla ná cad é an siombalachas a bhain leis an naomhóg agus cá raibh sí ag dul nuair a ghluais sí chun farraige. Gan amhras, dob í an naomhóg ‘Róisín Dubh’, siombail d’Éirinn. Ach cad a chiallaíonn ‘Éirinn’ inniu? Chun an cheist sinn a fhreagairt tugadh leideanna dúinn. Teilgeadh íomhánna d’Éirí Amach na Cásca 1916 agus d’Fhorógra na Cásca ar an scáileán. Domsa, (a thuairim féin ag gach aoinne), an tuiscint a bhí agam den todhchaí ná go mbeadh ‘Éire’ againn a bheadh de réir idéil Fhorógra na Cásca agus go mbeadh an dúchas agus an Ghaelainn mar chuid ghníomhach den saol ilchultúrtha san ‘Éire’ nua – mar ghabháil i gcíste. Go mbeadh ‘Éire’ againn ina mbeadh ‘an duine’ lárnach i bpolasaithe an Stáit agus ná beadh ceannasaíocht ag an mbrabús, ag an tsaint, ag baincéirí, ag lucht rachmais is airm is eacnamaíochta uirthi; go mbeadh urraim don timpeallacht, don dúlra, don lag, don mbochtán. Cheana féin, tá an domhan ag gluaiseacht go tapaidh i dtreo an aon-chultúrachais. Tá mionteangacha is cultúir á scriosadh go bliantúil. De réir an dráma / léiriú seo is gá dúinn seasamh i gcoinne na dtaoidí diúltacha seo. ‘Más solas atá uait, las tine’. Bíodh aislingí dearfacha againn dúinn féin mar phobal, aislingí atáimid sásta a chur i gcrích – dob é sin an scéal.