The Kerryman (North Kerry)

Pléascann an Cháisc le ghreann ‘gus spraoí trí champa Ghaeileann Ionad na Dromoda

-

CAMPA Cásca le Craobh Uíbh Ráthaigh Chonradh na Gaeilge: D’fhreastal 74 páistí Uíbh Ráthaigh ar Champa Cásca trí mheán na Gaeilge in Ionad na Dromoda i gcroílár Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh le linn Saoire na Cásca. Bhí an Scléip ar siúl le 5 lá, ó Luan an deichiú lá d’Aibrean go dtí an Aoine an ceathrú lá déag d’Aibreán 2017, 10.30 rn -2.30 in.

D’eagraigh Maeve Ní Dhuinnín, rúnaí ar Chraobh Uíbh Ráthaigh Chonradh na Gaeilge agus gariníon Mhichíl Uí Dhuinnín ó Mhuscraí an imeact go léir. Chuaigh coisteóirí Chraobh Uibh Ráthaigh go Scoil Der Earca in Oileán Dairbhre, Scoil Bhréanainn i bPort Mhig Aoidh, An Gleann, Baile n Sceilg, Cathair Dónail, Scoil Náisiúnta Chillín Liath, Acadh Tiobraid, Na Corra, An Fhaill Mhór agus Scoil Saidhbhín leis na bileoga.

Chláirigh an 74 agus d’fhreastal said ar imeachtaí éagsúla trí mhean na gaeilge; cócaireach­t, ealaín agus ceirdeanna, spórt (peil ghaelach, sacar, cispheil, tag rugbaí, go leor cluichí beaga), amhranaíoc­ht agus tóraíocht taisce ar an lá deireanach.

Bhí an aimsir go han-mhaith, agus bhí na páistí amuigh faoin aer sa phairc imeartha gach lá. Thug an Campa deis iontach dos na páistí chun an Ghaeilge a chloiseáil agus an Ghaolainn a labhairt sa phobal, lasmuigh den seomra ranga. Is iad na múinteóirí a bhí ann mar cheannairí/theagasóir­í gaeilge ná Mícheál Ó Suilleabhá­in ó Ard Costaidh, Dominic Ó Suilleabhá­in ón Dromaid, Louise Ní Shé ó Bhaile n Sceilg agus an triúr acu ag ionadaíoch­t i mbunscoile­anna Chiarraí Theas ag an am seo. Bhí Sean Ó Laoighre ó Chnocín a’ Mhadra, Port Mhig Aoidh ann mar ealaíontói­r, Pádraigín Ní Shé ón Dromaid agus Muireann Ní Dhuinnín on Lóthar mar theagasoir­í gaeilge ag cabhrú freisin. Bhí Maeve Ní Dhuinnín féin ann gach lá mar bhainisteo­ir an Champa agus Sorcha Ní Mhurchú, Oifigeach Caidreamh Poiblí Chraobh Uíbh Rathaigh ina measc freisin.

Bhí Craobh Uíbh Rathaigh Chonradh na Gaeilge ana-shásta le torthaí an Champa. Bhain na páistí is na ceannairi sult is taitneamh as an gcampa. Bronnadh ceithre duais agus ceithre teastas ghaeilgeoi­r na seachtaine dos na páistí a bhí ag obair go dian chun feabhas a chur ar a gcuid gaeilge. Ní raibh aon duine ag gearán nó ag tabhairt amach faoin ngaolainn le linn na seachtaine. Tá áthas orainn le rá go raibh na páistí dearfach gach uair a bhí na ceannairi ag caint leo trí ghaolainn. D’úsáid siad an méid a bhí acu agus d’fhoghlaim siad focail agus frásaí nua. Bhain said triail as na focail agus na frásái nua díreach i ndiaidh iad a chloisteái­l ó na ceannairí. D’fhreastal slua mór páistí ar an gCampa gach lá.

Táimid ana-bhuíoch dos na tuismitheo­irí agus caomhnóiri as tacaíocht don gaeilge.

Newspapers in English

Newspapers from Ireland