“Danny Sheehy ar lár” - Mícheál de Mórdha ar a chara Domhnall
DANNY SHEEHY, nó Domhnall Mac Síthigh nó ‘Deainí Beag’ – b’shin iad na hainmneacha ba choitianta a thugtaí ar an bhfear uasal íseal seo a d’imigh chun na síoraíochta uainn gan choinne gan chomhartha tráthnóna Dé hAoine seo caite. Suaimhneas agus solas síoraí na bhflaitheas dá anam uasal.
Is cinnte gur baineadh preab, nó béic, mhillteach as phobal Chorca Dhuibhne agus, go deimhin, as phobal na Gaeltachta agus na Gaelainne ar fad ar fud Fódhla, ar chlos an scéil thragóidigh seo dóibh.
Ní casadh aon duine riamh orm a bhí chomh beo beathach le Danny i mórán slite – bhí beocht ina phearsa, ina mheon agus ina chuid cainte. Fear gnímh, fear grinn, fear Gaelainne, fear foclach, fear farraige, fear fial fáilteach, fileata, fealsúnach, gealgháireach, smaointeach, staidéartha, socair agus sochma. Níor chás dom céad éigin eile aidiacht a chur leo sin agus ní bheadh cuntas beacht cruinn tugtha fós ar an bhfear ildánach seo a raibh an saol ar fad mór leis agus é siúd mór leis an saol ar fad.
Níl aon bhaol air ná go raibh bolgam maith den mhuir mhóir ina chuid fola, ag brúchtaíl go láidir trína chuislí agus á ghríosadh agus á spochadh agus á spreagadh chun bheith ag cur de ar bharr na dtonn. Féach, leis, gur cois na mara móire a tháinig an bás de phreab chuige; i bhfad óna mhuintir, faraor, ach fós i bhfochair a chriú is a chairde dílse: Breanndán, Pádraig agus Liam agus fuaim na toinne ag teacht chuige agus chucu go torannach, tolgach, trom.
Fós féin, do bhain sé sásamh as a bheith ag spaisteoireacht ar an dtalamh tirim agus é ina aonar nó ina threoraí ar ghrúpa siúlóirí is é á leanúint acu, mar a leanódh aon ál a máthair, thar mhaoilinn agus mhaolchnoic, thar bheanna agus thar mhámanna maorga agus an comhluadar faoi dhraíocht aige is é ag cur síos ar dhinnseanchas na mball ar a mbíodh sé ag siúl. Mar bhí aithne agus ainm aige ar gach cruach, carraig, ceann tíre, fochais, fothrach, branda agus stocán ar fud Iarthar Duibhneach ar fad.
Mhothaigh sé an spioradáltacht agus an suaimhneas a bhain leo seo mar áiteanna agus an ceangal leis na seacht sinsear a bhí imithe roimhe.
Sea, in éis scéil a bháis a bheith tagtha chugainn, tá ómós nach beag tugtha i gcéin is i gcóngar don bhfear díograiseach dílis seo a bhí i gcónaí gníomhach in aon chomhluadar a bhí suite meáite ar leas an phobail seo a chur chun cinn agus ba bhoichte gach ócáid comhluadair, cultúir agus cuideachtan ar é siúd a bheith as láthair as. Mar ba é croí na cuideachtan é, gach focal ar a fhaobhar go fileata aige agus siollaí ina slaoda ag teacht uaidh ar shála a chéile. Thagadh scartacha gáire uaidh anois ag arís, de réir mar a thaitnigh scéal éigin leis a bhí á d’eachtraí i gcúinne cuideachtan éigin agus de réir mar a bhí an scéal sin á shú isteach aige ina aigne léanta féin.
Má bhí sé deisbhéalach, do bhí sé, leis, ina cheardaí cruthanta. Bhí sé thar a bheith oilte lena ghéaga, cibé acu ag ainliú naomhóige a bhí sé nó á tógaint ó na gunailí agus ag cur slachta uirthi de réir a chéile, mar a bhí foghlamtha aige ón seana-chleas. Is mó rud eile leis gur chuir Danny slacht air lena lámha nó lena bhriathra binne.
Is fada fuar go mbeidh teacht ar a leithéid arís ar na bólaí seo arís agus is mór a mhothóimid uainn tú, a Danny. Go dtuga Dia sólás agus suaimhneas dá bhaintreach Máire, dá chlann Róisín, Cormac agus Orla agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha agus a ghaolta dlúithe eile.