The Kerryman (North Kerry)

Faoiseamh Faoistine

-

Tair liom agus bí liom

Taobh le taobh, cois ar chois Le faobhar na faille siar.

Féach agus feicfir

Radharc úr na súl flúirseach, Oscail poll balbh na cluaise,

Éist go géar le fothram mara, Cloisfir glórtha ó dhoimhneas uisce. Fiafrófar duit. Labhair agus freagair. Oscail do mheabhair do radharc tíre.

Tair liom agus fan liom

Taobh na faille suas in airde Ar scriollach garbh Chinn Sratha. Marcaigh tamall ar shrathar na tíre. Tabhair spoir do shrianta bréithre Siar síos go híor na spéire. Tuirling tamall agus clois arís Focail mholta ó mhuir na sinsearach­ta.

Tair liom agus fan liom Taobh choróin na Gráige Tabhair fén gcruach in airde, Ardaigh díot do chaipín ceoigh – Lasfar duit do mhianta dorchadais, Súfar uait éad agus formad, Brón agus buairt agus crá croí. Buail liom agus tair liom

Mac nó iníon nó leannán tí Athair, máthair, deartháir nó deirfiúr, Duine galmhar nó comharsa suaite. Dein t’fhaoistin ag Barra Cruaiche Abair do rún leis an dTriúr Deirféar Le Ceann Sibéal agus Bréanainn thall. Samhlófar duit Conn Crithir ina shuan, Cífir greanta sloinnte ársa Dealbhaith­e ag ealaíontói­rí ábalta D’fhuil Normannach agus tréithe Gael Firtéarach imirceach i bhfad i gcéin Muircheart­ach macánta láímh le loch.

Siúil go réidh agus scaoil le do rún

Ar fuaid na sléibhte i radharc do mhuintire. Tair liom agus dein t’fhaoistin

Agus gheobhair ansúd faoiseamh aigne, Fuasclófar tú ó dhúr an dorchadais

A seolfar chun siúil an cuan amach.

Téir arís i d’aonar seal

Le faobhar na faille siar,

Éist go héadrom agus labhair ós íseal Le clocha, carraigeac­ha agus faoileáin mhara; Dein t’fhaoistin agus gheobhair faoiseamh Ach fill thar n-ais ar do mhuintir féinig Agus gheobhair athuair go flúirseach fáilteach Croí agus muintearas agus éisteacht bhuan. Domhnall Mac Síthigh (Dán as Súil Seilge, Coiscéim, 2007)

Newspapers in English

Newspapers from Ireland