Sparántachtaí and Bhlascaoid bronnta
MAR chuid do imeachtaí Celiúradh an Bhlascaoid 2017 a thárla in Ionad an Bhlascaoid idir an Aoine agus an Domhnach 22-24 Meán Fomhair, bhí bronnadh Sparántachtaí an Bhlascaoid na bliana seo ar Róisín Ní Bheaglaoi ó Bhaile an Mhúraigh agus Faolán Dáibhís ón Riasc, beirt iar-scoláirí as Pobalscoil Chorca Dhuibhne atá ag tosnú amach ar chúrsaí tríú leibhéal faoí láthair.
Is é an Dr. Micheál (Maidhc) Ó Ceárna, iar-Bhlascaodach a cailleadh dhá bhliain ó shoin i Springfield, Mass, a cheap scéim sparántachtaí a chur ar fáil do dhaoine óga as Corca Dhuibhne atá ag tabhairt faoí staidéar ollscoile, ionas aitheantas a thabhairt do bhárr-feabhais acadúíl agus a dtuiscint agus suim in oidhreacht, teanga agus cultúr an cheanntair. An smaoineamh a bhí ag an Dr. Ó Ceárna ná an t-aos óg a ghriosadh chun a n-oidhreacht teangan agus cultúrtha a chaomhnú agus a chur chun cinn. Comh-fhontar idir clann Uí Cheárna agus Fondúireacht an Bhlascaoid is ea an scéim. Bhí cáil ar Mhaidhc Ó Ceárna as a shíor-stocaireacht ar son pobal agus oidhreacht an Bhlascaoid le linn saol fada, formhór de caite i Meireacá. Ba minic a thug an Dr. Ó Ceárna cuairt chuig scoileanna Chorca Dhuibhne le linn a thurasanna rialta ar a fhód dúchais agus bhí todhchaí na sparántachta go mór ar a aigne fiú is é ag teacht go deireadh a shaoil i 2015.
Comhairle a chur a athair féin ar Mhaidhc is é ag fágaint an Bhlascaoid ag scaoileadh faoí’n saol mór ná “Pé rud a dhéanfaidh tú, dein i gceart é!” Thug Lorcán Ó Cinnéide as Fondúireacht an Bhlascaoid an chomhairle sin chun cuimhne ag ocáid bronnta na Sparántactaí, á rá gur léir óna dtorthaí Árdteiste agus na h-agallaimh a deineadh leó go raibh an fealsúnacht sin léirithe ag Roisín Ní Bhealgaoí agus Faolán Dáibhís, buaiteoirí na bliana seo. Mhol sé an bheirt, á rá gur creiduint iad dóibh féin, a gclainne, agus na scoileanna a chothaigh iad. Tá Roisín i mbun céim gnó in Ollscaoil Chorcaí agus Faolán tosnaithe ar chéim inealltóireachta i gColáiste na hOlllscaoile Baile Átha Cliath.
Moladh go h-árd caighdeán na n-iarrtarasóirí ar fad a chur isteach ar na sparántachtaí, is nách baol do oidhreacht ná teanga faid is atá ógánaigh do shár chaighdeán ag teacht as an gceanntar.
Ghaibh an tUasal Ó Cinnéide buiochas le Ionad an Bhlascaoid, Pádraig Feirtéar, Máire Uí Ainnín agus Bernie Feirtéar as an obair ar fad a dheineadar leis na sparántachtaí a eagrú arís i mbliana, agus ghuígh sé gach ádh ar na buaiteoirí.