The Kerryman (North Kerry)

‘Bhí aithne ar Cháit ar fuaid na dúichí’

-

IS onóir agus pribhléid dom gur iarr clann Cháit, mo chol ceathracha orm peann a chur le pár maidir le mo chuimhní cinn fúithi.

Bhí saol fada ag Cáit Nic Gearailt a saolaíodh ar an mBaile Uachtarach Thoir, Baile an Fheirtéara­igh, ar Bealtaine 1, 1925.

Bhí beirt deirfiúrac­ha agus seachtar deartháire­acha aici. B’í an cailín ba shine í agus an ceathrú duine sa chlann.

Bhí sí sé bliana d’aois sular thosnaigh sí ag dul ar scoil.

Do shiúl na gcos a dheineadh sí an turas trí mhíle ar maidin agus arís tráthnóna agus, mar a dúirt sí féin, gan bróg ná stoca uirthi go minic.

Nuair a bhí sí 14 bliain d’aois, chuaigh sí go Meánscoil na Toirbhirte sa Daingean ag fanúint lena gaolta ‘ na Rohans’ i Sráid Eoin.

Ansan chuaigh sí go Baile Átha Cliath ar feadh tréimhse gairid ag déanamh obair tí agus ag múineadh Gaolainne do leanaí an tí.

Bhí an t-uaigneas i ndiaidh a muintire rómhaith dhi, agus bhí sí aige baile laistigh do bhliain.

Chaith sí sé bhliain ansan ag obair i monarcha cniotála na Mná Rialta i mBaile an Fhirtéarai­gh Thiar.

D’fhan sí anseo go dtí gur deineadh cleamhnas di.

Ar Feabhra 2, 1952, phós sí Seán Firtéar ón mBaile Uachtarach Thiar.

Fr Tom a phós iad, agus bhí ana lá acu ina dhiaidh sin ar an mBuailtín.

Saolaíodh agus thógadar ceathrar mac: Pádraig. Muiris, Piaras agus Jeaic, agus ó shin bhí naonúr gar leanbh aici – ceathrar cailíní agus cúigear buachaillí, chomh maith le sín garmhac Ruán.

D’oibrigh Cáit agus Seán go dian dícheallac­h ar a ngabháltas. Bainne chomh maith le muca a bhíodh acu.

Bhíodh cearca, lachain, géanna agus turcaithe ag Cáit, agus bhaineadh sí ana shásamh asta cé gur minic a tháinig an madra rua nó an ‘diabhal mink’ mar a deireadh sí ar chuairt chuici.

Bhaineadh sí sásamh as na gamhna óga agus an taon ainmhí nár lú lei an sioc ná é ná an t-asal.

Bhí cúis leis seo, mar maidin amháin agus í ag dul ar scoil, bhuail sí le asal ar an mbóthar.

Tharraing sí eireaball an asail; má dhein raid sé agus fuair an bhean bhocht lascadh do chic isteach sa phus, agus briseadh cuid dá fiacla. Bhí seans leí gur fiacla linbh ab ea iad. Bhí creideamh láidir ag Cáit. Níor chaill sí an tAifreann riamh agus deirtí an Phaidrín Pháirteach nó an Choróin sa tigh go rialta timpeall a 9 a chlog san oíche, agus an chlann ag éirí suas.

Theádh sí go hOilithrea­chtaí cosúil le Cnoc Mhuire nó Lourdes. Chreid sí go láidir sna paidreacha.

Is cuimhin liom nuair a bhíos óg agus ag éirí aníos go mbíodh tromluí trom orm faid is a bhínn im chodhladh.

Bhí mo thuismithe­oirí ana bhuartha fúm , ach nuair a chuala Cáit é chuir sí chugainn Ortha an Tromluí :

Áine máthair Mhuire,

Muire máthair Chríost,

Eilís máthair Eoin Baiste

Triúr os cionn mo leapan chun mé a dh’aoireacht ó oíche go mhaidin idir sinn agus tromluí amen.

Deirinn an phaidir seo go paiseanta gach oíche sula dtéinn a chodladh agus stop an siúl im chodladh!

Bhí ana bhéim aici ar a bheith in am, dá mbeifeá deánach ag teacht chuici bheadh agat. Cibé áit a théadh sí bheadh casóg uirthi i gcónaí. Uaithne ab ea a dath.

Ghaibh Cáit trí go leor.

Cailleadh a céile, Seán, i 1991 agus a mac, Jeaic, sa bhliain 2010.

Tá gach duine dá clann imithe ar shlí na fírinne seachas a deirfiúr, Peigí. Aisteach go leor ba ar Márta 31 a fuair a céile, Seán; a mac, Jeaic; a driotháir, Tommy; agus a máthar, Bridge, bás.

Cé gur thit na báis seo go léir amach, bhain Cáit súp as an saol leis.

Seacht oíche na seachtaine, bheadh fonn bóthair ar Cháit dá mbeadh rince, ceol nó biongó ar siúl. Bhíodh sí ag tnúth go mór le teacht an tSamhraidh agus le seisúin Ceoil na bhFrancach i dTigh Uí Mhurchú. Cloisim go mbíodh a suíochán féin sa chúinne aici ansiúd!

An port ab fhearr le Cáit ná Port Seite agus, gan dabht, ba bhreá leí na seiteanna agus an Old Time Waltz.

Ba bhreá lena croí ‘ Oileán Dhún an Óir’ agus ‘An Baile áta lámh leis siúd’. Bhíodh sí leis na Caipíní, agus thaithníod­h a cuairt bliantúil go Scoil Cheoil an Earraigh leí. Gan dabht, staráil sí sna Bibeanna leis.

Bhí croí mór ag Cáit agus a céile Seán. Bhí an tigh oscailte i gcónaí agus ana spéis acu i ndul chun cinn a nianna agus a neachtanna.

Domsa agus dom dheartháir­eacha agus deirfiúrac­ha, bhíodar ann dúinn nuair a cailleadh ár dtuismithe­oirí go h-óg, agus caithfead a rá ná raibh aon leisce riamh orm cuairt a thabhairt ar an mBaile Uachtarach.

Aon uair a bhíos san ospidéal nó tinn, bhíodh glaoch ó Cháit.

Bhí Cáit cosúil le máthair dom chol ceathracha Eugene agus Billy a tháinig go hÉirinn ó

Mheirceá i 1978.

Bhí fáilte aici rompa i gcónaí, agus is mó áit a chuaigh sí le Billy. Ba bhreá leí dul ag spaisteoir­eacht agus ag bothántaío­cht; níor tháinig Cáit riamh folamh go dtí aon tigh, bhí málaí i gcónaí aici. Bhaineadh sí súp as a bheith ag dul timpeal le Billy nó le Tom Úilic Ó Móráin.

Bean mór litreacha agus cártaí Nollag ba ea í. Bhaineadh sí an diabhal do shásamh as cuairteann­a agus a bheith lena deirfiúr Peigí.

Le blianta anuas, bhí radharc na súl ag teip ar Cháit. Ach, ambaiste, nár stop san í ó dhul go dtí na ‘ bingos’.

Bhaineadh sí ana thaithneam­h as an dinnéar i nGáirdín Mhuire, áit a bhuail sí le comharsain agus le cairde. Bhí ard-aithne uirthi ar fuaid na dúichí go léir.

Caithfimid treáslú lena mac, Piaras, agus a chéile, Mary, as an aire agus an chabhair agus an tacaíocht a thugadar di , gan trácht ar an gcuid eile dá clann agus garchlann a bhí ann i gcónaí di.

Iarradh orm buíochas a ghabháil leis na dochtúirí, go háirithe an Dochtúir Margo Uí Shé, an Dr Paul Morrison, lucht an Home Help agus na banaltraí a thug gach cabhair di le tamall anuas.

Buíochas don Athair Eoghan Ó Cadhla SP, a thugadh cuairt rialta uirthi, agus do Antí an Ministéir Eocairiste­ach a thagadh chuichi go minic.

Buíochas do Dhónal Ó Conchúir, an tAdhlacóir, agus do Thomás Ó Cruaidhlao­ich, a dhear an leabhrán Aifrinn. Buíochas dos na ceoltóirí agus amhránaith­e, Séamus Ó Beaglaoich , Méabh Ní Bheaglaoic­h, Páidí Mhárthan Mac Gearailt agus Míchéal Ó Dhúda.

Buíochas dos na Sagairt a chomh cheiliúr an tAifreann a nia , an tAthair Aindí Ó Laoithe, an tAth Eoghan Ó Cadhla SP, an tAth Tomás Ó hIcí agus an tAth Séamus Mac Ginneá.

Buíochas d’éinne a chabhraigh riamh le Cáit in aon tslí, agus do gach duine a tháinig ar a sochraid.

A Cháit, ní imithe uainn atáir ach imithe romhainn!

Leaba i measc na naomh dá h-anam uasal. Pádraig Firtéar

 ?? Cáit Nic Gearailt ??
Cáit Nic Gearailt

Newspapers in English

Newspapers from Ireland