The Kerryman (North Kerry)

HTÁ Féile na Cúlach anseo go deo – is dócha

-

BHÍ Féile na Cúlach ar siúl an Satharn seo chaite i bPáirc na Cúlach, Cúil Ó Socht. Buíochas le Dia níor chuir an aimsir isteach orainn mar bhí sár taispeánta­s do scileanna peile is camógaíoch­ta ar fháil don lucht féachana agus gach rud tríd mheán na Gaeilge.

Le Micheál Ó Ciardubhái­n:

Ba chóir go mbeadh tuismitheo­irí, múinteoirí agus muintir na háite an-bhródúil go deo as buachaillí agus cailíní na Cúlach de bharr an ard chaighdeán peile agus cáinte a bhí ar mbun acu. ‘Anseo’, ‘mí-ádh’, ‘an-iarracht’, ‘maith thú’ a bhí le cloisteáil agus gach duine ag bhaint taitneamh as an ócáid. Is dream réchúiseac­h, béasach iad an ghrúpa seo.

Bhí Maurice Costello, Tom O’Connor, Enda Mulroney agus Seán Óg Ó Ciardubhái­n mar mhaor foirne ar an lá agus cúpla focal acu go léir, fiú amháin ag gearrán leis an réiteoir!

Tháinig foirne Sliabh Luachra agus Parnells chun cluiche camógaíoch­ta agus comórtas poc fhada a imirt.

Bhí slua mór acu le Ann Walsh agus Suzanne Chute i bhfeighil ar na foirne. Club nua é Sliabh Luachra, ach tá an-tacaíocht acu cheana féin!

Bhí ionadh ar gach duine, idir óg agus aosta, tar éis an lá gur thuig siad gach rud a bhí ar siúl agus taispeánan­n sé sin dúinn go bhfuil an Ghaeilge againn go léir agus níl ag teastáil ach leathscéal chun é a úsáid. Maith sibh, muintir Cúil, agus táim cinnte nach é seo an féile deireanach a mbeadh ar siúl san áit iontach seo.

Tar éis an spórt bhí ceoil, caint agus craic san ionad pobal le Pop-up Gaeltacht agus bhí freastal maith ar an ócáid. An am is fearr sa bhlian é Seachtain na Gaeilge, agus tá sos tuillte ach gach duine tar éis an lá ghníomhach!

Míle buíochas do gach duine a ghlac páirt chomh maith leis an Dánscoil Shliabh Luachra a d’eagraigh an ócáid. Cúl agus an Ghaeilge abú!

 ?? Dánscoil Shliabh Luachra i seisiún iomlánach ag an Pop-up Gaeltacht ag Féila na Cúlach dé Sathairn seo chaite. Griangraf: Seán Ó Riada ??
Dánscoil Shliabh Luachra i seisiún iomlánach ag an Pop-up Gaeltacht ag Féila na Cúlach dé Sathairn seo chaite. Griangraf: Seán Ó Riada

Newspapers in English

Newspapers from Ireland