Is mór an bhrí a bheidh in Uibh Ráthach aris i 2021!
BLIAIN dheacair dhúshlánach do gach éinne ab ea 2020 ach ina ainneoin sin, d’éirigh le foireann Bhrí Uíbh Ráthaigh – Plean Teanga Chiarraí Theas ár spriocanna a bhaint amach.
Seo roinnt rudaí a dheineamar an bhliain seo caite.
Na Scoileanna
DHEINEAMAR ár seacht ndícheall cabhrú le teaghlaigh agus leis na scoileanna.
Bhí Mícheál Ó Sé, ár n-oifigeach oideachais ag tabhairt cuairteanna ar na scoileanna ag cabhrú le cur leis na deiseanna atá ag na leanaí Gaelainn a úsáid lasmuigh den rang.
D’eagraigh sé céilí dos na scoileanna Gaeltachta i mí an Mhárta agus bhain na leanaí súp as.
An Teaghlach agus an Óige
BHÍ Cuairteanna Baile, á riaradh ag Tús Maith, ar siúl sna teaghlaigh ag cabhrú leo le níos mó Gaelainne a úsáid ag baile agus fostaíodh duine nua – Séaghan Ó Súilleabháin, duine óg a bhfuil aithne ar na meáin shóisialta air mar Kerry Cowboy – chun na cuairteanna sin a dhéanamh.
Chomhoibríomar le TechSpace chun ábhar suimiúil teicniúil a chur ar fáil do leanaí na Gaeltachta i rith an tsamhraidh lena bhféadfaidís rudaí spraíúla a dhéanamh ar nós róbat, carranna agus gléasanna iontacha eile.
D’eagraíomar Club Samhraidh agus Campa Samhraidh sna Meáin ar líne do dhéagóirí an cheantair, Maratón na dTeaghlach agus Tóraíocht Taisce don Teaghlach i gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta agus faoi dheireadh na bliana ghlac na scoileanna Gaeltachta, Scoil Naomh Mhíchíl ina measc, páirt i Maratón na bPáistí – bhí na daltaí bunscoile ag rith nó ag siúl beagán sa bhreis ar feadh tréimhse ocht seachtaine i dtreo an sprioc – achar maratóin a dhéanamh faoi dheireadh na tréimhse sin agus bhain na leanaí ana-thaitneamh as.
Caitheamh aimsire
DHEINEAMAR roinnt físeán – Scileanna Peile le Pádraig Ó Súilleabháin, Ióga le Joe Moore agus Cócaireacht le Seán Ó Cathasaigh – atá ar fail ar ár gcainéal youtube.
Bhí agus tá cúrsaí Gaelainne ar siúl againn agus thart ar 50 duine a ghlac páirt iontu. Bhí agus tá go leor daoine páirteach sna ciorcail chomhrá a bhí ar siúl againn roimh an dianghlasáil agus atá ar siúl anois againn ar líne.
D’eagraíomar roinnt siúlóidí nuair a bhí sé ceadaithe de réir threoracha Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Shiúlamar suas Cnoc na dTobar agus Cill Fhaoláin agus bhí dhá shiúlóid phléisiúrtha sa Ghleann againn le Paddy Bushe a thaispéin na seoda seandálaíocha atá ann. Ár gcolún sa Chiarraíoch Táimíd ana-shásta chomh maith gur éirigh linn tosnú ar an gcolún Gaelainne seo ag insint scéalta a bhaineann le hUíbh Ráthach agus le Gaelainn. Táimíd ag cur fáilte roimis gach éinne páirt a ghlacadh sa cholún agus má tá scéal nó tuairim agaibh ar mhaith libh a sheoladh chuig an gcolún, ní gá ach é a sheoladh chugainne ag pleanteangaur@ gmail.com.
Seo cuid des na rudaí a dheineamar anuraidh agus táimíd chun tuilleadh a dhéanamh i mbliana le cuspóir níos mó deiseanna a thabhairt do mhuintir Chiarraí Theas teagmháil a dhéanamh leis an nGaelainn.
Tá Brí Uíbh Ráthaigh ag guí Athbhliain faoi Mhaise oraibh agus tuilleadh dóchais agus tuilleadh Brí i mbliana!
SEO thios roinnt nathanna cainte don tuismitheoir ó “Thús Maith”. Here are some useful phrases for parents from “Tús Maith” www.tusmaithocd.ie
Cuireann tú oiread áthais
orm! – You make me so happy! Literally “You put so much happiness on me!
Is duine spreagúil tú. – You are an inspiring person.
Is mór an t-inspioráid tú! – What a great inspiration you are!Perunteat. Satum inu c