Tá Coláiste na Sceilige in ann do na dúshláin i 2021
COLÁISTE na Sceilge in ann do na dúshláin
Le hEimear Ní Mhurchú Athbhliain faoi shéan ‘is faoi mhaise daoibh go léir a léitheoirí! Bhíomar ag súil le tús úr spreagúil a chur le 2021 ach ní mar a shíltear a bhítear. Cheapamar mar gur éirigh chomh maith linn inár gcéad téarma thar n-ais ar scoil i gColáiste na Sceilge agus sna scoileanna eile go mbeimíd istigh sna seomraí ranga ag tús mhí Eanáir arís ach faraor níor oibrigh sé amach mar sin. Teicneolaíocht i bhfearas Ach ar shlí, tá an t-ádh linn i gColáiste na Sceilge, agus buíochas le Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí go rabhadar chomh fadcheannach sin go raibh an-chuid infheistiú déanta acu chun Microsoft Office a chur ar fáil do gach múinteoir agus gach scoláire atá bainteach leis an eagraíocht. Is buntáiste an-mhór é córas iontach, soláimhsithe mar seo a bheith againn ionas go bhfuilimíd in ann leanúint ar aghaidh lenár ngnó scoile go laethúil. Táimíd in ann ranganna a sholáthar beo ar líne, acmhainní a roinnt leo go héasca agus rudaí cruthaitheacha a dhéanamh leo sna ranganna, is féidir leis an bhfoireann na gnáthchruinnithe srl a bheith againn chomh maith. Aonad Lán- Ghaeilge Chomh maith leis sin beidh na ranganna ag tosnú go luath do dhream Rang a 6 sna scoileanna áitiúla atá ag iarraidh
cur isteach ar an Aonad Lán- Ghaeilge i gColáiste na Sceilge agus beimíd i dteangmháil leis na scoileanna uilig an tseachtain seo chughainn. Bhí orainn cuid des na ranganna seo a dhéanamh ar líne ó mhí an
Mhárta seo caite agus d’éirigh go hiontach leo. Mícheál Ó Sé atá fostaithe ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthagh a bheidh ag múineadh na ranganna seo agus tá an t-ádh dearg linn mar tá fuinneamh faoi leith
ag Mícheál agus spreagann sé an-chuid spéise sna scoláirí sna ranganna seo beo ar line nó fiú sa seomra ranga.
D’éirigh le 24 scoláirí ó aon bhunscoil déag ar leithinis Uíbh Ráthaigh áit a fháil san Aonad don scoilbhliain seo 2020/21 agus cheana féin tá an-chuid spéise san Aonad arís i mbliana. Bhí áthas orainn go rabhamar in ann ábhar eile a chur ar fáil don Aonad i mbliana agus sin an rud is mó atá uainn faoi láthair ná fás agus forbairt a dhéanamh ar an líon ábhar atá le fáil go hiomlán tré mheán na Gaeilge agus amach anseo leanúint ar aghaidh chun é a thairiscint go dtí leibhéal na hArdteiste.
Coiste Bhliain na Gaeilge Tá togra iontach tosnaithe ag Bord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann, is é sin ‘Bliain na Gaeilge’. Leis an bhféile seo tá a lán comórtaisí agus rudaí spreagúla eile ar siúl dos na scoláirí, an téama atá ann don gcéad bhliain ná “Ag tabhairt na Gaeilge linn”. Mar sin, tá coiste curtha le chéile againne chun na himeachtaí seo a chur chun cinn agus chomh maith leis sin tosnú a bheith ag obair ar ár dturas ar Ghaelbhratach. Tá Edel Ní Bhraonáin, bean áitiúil ón nGleann ag obair le Gael Linn agus tá an t-ádh dearg linn go bhfuil duine cosúil léi ag cabhrú linn leis an dtogra iontach seo. Tá áthas orainn tabhairt faoin ndúshlán seo. Beidh gach rud go breá Tuigimíd i gColáiste na Sceilge go bhfuil sé deacair ar scoláirí, ar mhúinteoirí agus ar thuismitheoirí faoi láthair ach is féidir liom a rá le dóchas agus le cinnteacht go mbeimíd go léir in ann tabhairt faoin obair go léir atá le déanamh agus go bhfuilimíd ann chun cabhrú leis na scoláirí. Chomh maith leis sin, caithfimíd grúpa na hArdteiste a choimeád inár n-intinn mar tá bliain na hArdteiste deacair go leor orthu seachas gach rud atá ar siúl ó mhí an Mhárta seo chaite, ach ní féidir liom ach trácht a dhéanamh ar an ngrúpa atá againne i gColáiste na Sceilge ach is daoine iontachta iad atá lán de neart, fuinneamh agus cumas. Mar sin tá fhios againn go mbeidh siad go léir go breá agus go n-eireoidh go breá leo go dtí go bhfuilimíd in ann bheith ar ais sa seomra ranga le chéile go luath le cúnamh Dé.
Stór focal
spreagúil – inspiring i bhfearas – set up, in place fadcheannach – forwardinfheistiú – investing córas – system soláimhsithe – user-friendly soláthar – providing acmhainní – resources cruthaitheach – creative gnáth- – usual cruinniú, cruinnithe – meeting, meetings i dteangmháil – in contact fostaithe – employed fuinneamh – energy faoi leith – special spreag – inspire, spreagann - inspires leithinis – peninsula coiste – committee togra – project bratach – flag tabhairt faoi rud – go about, take to something dúshlán – challengelahn) (doohneart, fuinneamh agus cumas – strength, energy and ability