The Kerryman (South Kerry Edition)
‘De Chion Focal’ seolta go spleodrach
DEIRTEAR go bhfuil Gaelainn na Gráige, in Iarthar Duibhneach, chomh saibhir is a fhéadfá a fháil in aon bhall d’Éirinn. Déarfadh daoine go bhfuil a gcanúint féin Gaelainne acu ar an nGráig i.e. Gráigis! Bhuel, tá Gráigis an-shaibhir agus an dhomhain ins gach aon leabhar atá tagtha ó pheann Phádraig Ó Cíobháin na Gráige go nuige seo agus ní haon eisceacht an an seod deireanach seo uaidh.
Is é an Dr. Tomás Liam Ó Murchú a rinne seoladh spleodrach ar leabhar an úncal, Pádraig Ó Cíobháin, i dTigh Áine ar an nGráig, Baile An Fheirtéaraigh tráthnóna Dé hAoine seo caite. Ócáid iontach ar leith a bhí inti agus an ghrian ag dul faoi lastiar de Cheann Sraithe.
‘De Chion Focal’ an teideal ar an deichiú leabhar seo ón scríbhneoir líofa seo agus siad Coiscéim na foilsitheoirí. Mura labhradh Gráigis den scoth an oíche sin ní labharfar go deo arís a leithéid.
“Ba léir ón gcéad lá .... gur don nGaelainn amháin a ceapadh guth an Chíobhánaigh agus gurb í an teanga chéanna a laoch fé mar gurb í an teanga an laoch i litríocht na mionteangan i gcónaí”, dar leis an scoláire Breandan Ó Cróinín, a bhfuil nóta leis ar leathanach cúil an leabhair.
Go deimhin, is i gCorca Dhuibhne atá formhór na scéalta sa leabhar seo suite, mar is dual don gCíobhánach agus í scríte i stíl shaibhir shamhlaíoch agus í lán de ghéarchúis agus de ghreann, ar uairibh.
Agus dúirt Ó Murchu i dtaobh na stile scríbhneoireachta sa leabhar gurb é an ‘tabhairt faoi ndeara’ an bua is treise atá ag Pádraig Ó Cíobháin
‘Is geall le sceits bheag na haon chor a chuireann sé do ar a leathanach. An teanga agus na focail mar ghléas tarraiceoireachta aige. Más ea, ní hiad na tréithe fisiceacha amháin a bhreithníonn sé, meánn sé meon, machtnamh agus síce an duine agus pobal. Cruthaíonn an sceits gluaiseacht agus meanma an radhairc. Mothú a thugann an léitheoir isteach san eachtra, a thugann i láthair é, a dh’fadaíonn a shamhlaíocht. Uaireanta ineosann an líne is neafaisí scata dúinn mar gheall air ár gcarachtar, an rud a deir sé, conas a deireann sé é, cló a chuireann sé do le linn allagair’.
Dúirt Pádraig Ó Cíobháin féin gurb iad:
‘na pearsanan a láithríonn sna saothair liom atá luaite agam anso anocht, agus i saothair eile dem chuid, reoite ina gcló clóite, ní dhreofaid choíche. Buanpháirtithe iad a thionlaic mé fan bhóthar na samhlaíochta go dtí seo. Cá bhfios ná go mbeadh a thuilleadh cuileachtan againn ar a chéile amach anso, mar nach gá an fhírinne a ghéilleadh i gcónaí don rá ar deir: an iomarca den aithne sea a mhéadaíonn an tarcaisne. Níl dabht orm ná gur bhoichte an duine mise in éagmais a gcomhluadar. Pé ionramháil a dheineas orthu, pé athrach cló chuireas i gcionn ar a bpearsantachtaí; pé athrach treo a chuireas i gcionn ar a saol, alt ar alt, leathanach ar leathanach, saothar ar saothar, creidim, gan iad, gur bhoichte de dhuine mise dá n-éagmais san, ná iadsan im éagmais-se’.