The Kerryman (South Kerry Edition)
Seandálaíocht agus dinnseanchas an Bhlascaoid
TIONÓLADH an t-aonú Ceiliúradh is fichid ag an ndeireadh seachtaine i nDún Chaoin. Chuir An Dr. Pádraig Ó Héalaí ana-thús leis an éigse le haitheasc breá. B’é Daithí de Mórdha a sheol leabhar na bliana seo chaite ‘Ceiliúradh an Bhlascaoid XX – Aimsir na nUasal” – foilsithe ag Coiscéim.
Do labhair Micheál Ó Coileáin, Domhnall Mac Síthigh agus an Dr. Criostóir Mac Cárthaigh ar an Satharn ar sheandálaíocht. logainmneacha agus scéalta. Bronnadh dhá dhuais ó Sparánacht an Bhlascaoid (luach €1,000 an ceann) ar Mhuireann de hÓra agus ar Dan Ó Dubháin. B’fhadradharcach an fear é Micheál Ó Cearnaigh a bhunaigh an Sparánacht seo, beannacht Dé leis
Chuathas ag siúl le Seán Ó Cinnéide agus Domhnall Mac Síthigh timpeall Dhún Chaoin beag beann ar an aimsir!
Maidin Domhnach bhí ‘Cailleacha an Dúna’ á leiriú ag Aisteoirí Bhréanainn. “Tá scéal ‘Cailleacha an Dúna’ ana láidir sa ‘cannon’ scealaíochta sa dúiche seo agus sa dráma úsáidimíd guthanna le ban-scealaithe cáiliúla an cheantair Bab Feirtéar, Peig Sayers, Neil Ni Mhurchú agus Nóra Ní Shé - iad go léir faighte i gcartlann Raidio na Gaeltachta” a dúirt Marina ní Dhubháin, stiúrthóir an dráma.
The twenty first Ceiliúradh an Bhlascaoid was held at the weekend in Dún Chaoin. The Ceiliúradh each year focuses attention on one aspect of island life and this year the theme was”Archaeology and Placenames, their origins and stories”. Daithí de Mordha launched the publication of the twentieth Ceiliúradh - Aimsir na nUasal” – published by Coiscéim.
The Ceiliúradh invites experts to speak on topics and this year was no exception with lectures delivered by An Dr. Pádraig Ó Héalaí, Domhnall Mac Síthigh, Micheál Ó Coileáin agus An Dr. Criostóir Mac Cárthaigh.
On Sunday morning Aisteoirí Bhréanainn presented the premiere of the play “Cailleacha an Dúna” directed by Marina Ní Dhúbháin, the play used recordings of storytellers from Radio na Gaeltachta’s archive to tell the story