The Kerryman (South Kerry Edition)
Daltaí PCD ag obair ar son na theifigh
ÓRLA Ní Bheaglaoich is ainm dom. Táimse agus mo chairde, Tríona Ní Shúilleabháin, Máirtín Ó Cathasaigh agus Ciarán Mac Gearailt san idirbhliain i bPobalscoil Chorca Dhuibhne. Mar pháirt d’ár dtionscnamh Oideachas Sóisialta, faoi stiúr an Iníon de Brún, bhailíomar bróga ar son na carthanachta ‘Jacket Off Your Back’. Is carthanacht iad seo a bhailíonn éadaí agus bróga do theifigh a bhíonn ag taisteal na hEorpa i rith an gheimhridh.
Chaitheamar dhá mhí á mbailiú mar go raibh cuid mhaith bróga ag teacht isteach chugainn ó dhaltaí na scoile, muintir na háite, bunscoileanna an cheantair agus Play at Height, sa Daingean agus i gCill Áirne. Bhí próiséas fada i gceist, bhí orainn na péirí a cheangailt le chéile agus ansin málaí a líonadh agus na péirí a chomhaireamh. Bhíomar lonnaithe i leabharlann na scoile, le cead ón bpríomhoide, Pádraig Firtéar.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le foireann agus daltaí na scoile, na bunscoileanna áitiúil agus muintir na háite a bhí chomh cabhrach agus flaithiúil. Ár mbuíochas speisialta do Play at Height a chuir iliomad bróga ar fáil dúinn, a bhí bailithe mar chuid d’fheachtas bailiúchán éadaí acu féin.
Chomh maith le sin ba mhaith linn buíochas a ghabháil le n’ár bpríomhoide, Pádraig Firtéar, agus foireann na scoile a chuir áiseanna na scoile ar fáil dúinn.
Buíochas ar leith d’ár múinteoir Oideachas Sóisialta, Bernadait de Brún, a thug sár thacaíocht agus spreagadh dúinn. Ba mhór againn í.
Ar deireadh, tá thart ar 1,500 péire bróg bailithe againn agus tá súil againn go ndéanfaidh sé seo difríocht mhór i saol na dteifeach bochta atá go mór ina ngátar. Tugann sé sólás ó chroí dúinne go bhfeabhsóidh na bróga seo an saol dóibh píosa éigin. Go mairfidh is go gcaithfidh siad iad.