The Kerryman (South Kerry Edition)
Óiche ceiliúradh agus comóradh
BHÍ árd oíche comóradh ag Cumann Caide na Gaeltachta Oíche Déardaoin, 29ú Nollaig, nuair a deineadh ceiliúradh ar fhóirne rathúla na mblianta 1970, 1976, agus 1991.
Ba é Seán Ó Catháin, Cathaoirleach an chumainn a bhí ina fhear tí agus ba é an iar-chomhairleoir contae agus iar-ball Údarás na Gaeltachta, Breandán Mac Gearailt a dhein an bronnadh. Bronnadh bonn comóradh 1916 ar imreoirí, lucht bainistíochta agus oifigigh na mblianta 1970, 1976 agus 1991.
Bhuaigh an fhoireann 1970 an ceathrú craobh Ciarraí Thiar as a chéile nuair a bhuadar ar Dhaingean Uí Chúis sa chluiche ceannais; bhuaigh foireann 1976 Craobh Sóisir Chiarraí nuair a bhuadar ar Lios a’ Phúca in ath-imirt – 40 bliain ó shin; agus bhuaigh foireann 1991 craobh Chiarraí Thiar nuair a bhuadar ar Abha ‘a’ Scáil an chéad uair ag an gcumann an éachat san a dhéanamh ó 1970.
Chomh maith deineadh bronnadh ar bheirt ón gcumann, Seán Mícheál Ó Conchúir agus Cathal Ó Lúing a bhuaigh boinn sóisir uile Éireann le Ciarraí i 2016 agus Seán Ó Lúing a bhuaigh bonn mionúir le Ciarraí. Deineadh bronnadh buíochais leis ar roinnt daoine a chabhraigh leis an gcumann i slite difriúla le roinnt blianta.
Ba mhaith leis an gcumann buíochas a ghabháil le Údarás Na Gaeltachta as urraíocht don ócáid agus le muintir an tí, tigh Pháidí. Lean an rince, ceol agus amhránaíocht déanach isteach san oíche.