The Kerryman (South Kerry Edition)
Óiche ceiliúradh CLG an Ghaeltacht in gCeann Trá
THUG Cumann Caide na Gaeltachta onóír do chuid dos na sárimreoirí sa chlub ag ócáid Bronnadh Gradam 2016 i dTigh Úí Chúínn, oíche Sathairn seo caite.
Ainmníoch John Micheál Ó Conchúír ó Bhaile ‘n Liaigh mar imreoir sinsir na bliana agus bronnadh gradam pheileadóir óg na bliana ar Chian Ó Murchú,. Fuair Gearóid Mac an tSaoir an gradam de imreoir is mór feabhais.
Bronnadh “Pearsa na Bliana”, ar Phól Ó Cúinn, moladh go hard é as a raibh déanta aige mar bhainisteoir. Tógfaidh sé beirt chun a bhróga a líonadh. Tá an t-ádh le CLG an Ghaeltacht go bhfuil a leitheid do pheileadóirí le Marc ó Se agus Conal Ó Cruadhlaíoch sásta tabhairt fén obair as seo amach agus Dara Ó Cinneide agus Tommy ó Muircheartaigh ina dteannta mar roghnóirí.
Níos luaithe san oíche bhí bronnadh gradam 2016 ag Cumann Caide na Ban Corca Dhuibhne ar siúil in Ostan na Sceilige.
Bronnadh Laoch na hImeartha Urraithe ag Siopa Uí Lúing, Ceann Trá, ar na cailíní seo a leanas: Fé 11, Aisling Ní Fhurloing agus Kayla Getkate; Fé 12, Neasa Ní Dhufaigh; Fé 13, Siobhán Ní Chuanaigh; Fé 14, Ciara Ní Fhuirlinge agus Leah Getkate; Fé 15, Maeve Nic Gearailt; Fé 16, Clodagh Wright.
Bronnadh Imreoir is mó feabhas ar iad seo a leanas Fé 11, Sibéal Ní Ógáin; Fé 12, Niadh Ní Chonchúir; Fé 13, Shauna Ruiséal Ní Nuadháin & Lisa Nic Gearailt; Fé 14, Orla Ní Dhufaigh; Fé 15, Muireann Ní Ghealbháin; Fé 16, Sarah Campion.