The Kerryman (South Kerry Edition)

Oll-phreabbain­te asCorcaDhu­ibhne taréisbásP­heigí

-

Peigí Mistéal (1948-2017)

BAINEADH oll-phreab agus croitheadh as muintir Chorca Dhuibhne ar an 4ú Aibreán 2017 nuair a scaip an scéal ar fud na leithinise go raibh Peigí Mistéal ó Bhaile an Ghleanna i bparóiste Dhún Chaoin (Peigí Ní Chatháin ó Chillmhica­domhnaigh i bparóiste Fionntrá) imithe ar shlí na fírinne.

Saolaíodh Peigí ar an 3ú lá de mhí na Nollag 1948 do Mhairéad agus Seán Ó Catháin i gCillmhica­domhnaigh, duine de sheisear clainne: cúigear cailíní agus buachaill amháin.

D’fhreastal sí ar Scoil Chaitlín Naofa i gCillmhica­domhnaigh agus ina dhiaidh sin ar Mheánscoil na Toirbhirte sa Daingean, áit ar shuigh sí an Ard Teist sa bhliain 1967. An bhliain céanna, thosaigh sí ag obair sa Stát Seirbhís i mBaile Átha Cliath sa Roinn Tionscalaí­ochta agus Tráchtála mar ar chaith sí naoi mbliana.

D’fhill sí ar a fód dúchais sa bhliain 1976 nuair a phós sí Tommy Mistéal ag deireadh Mí Dheireadh Fómhair na bliana, agus chuireadar fúthú i mBaile an Ghleanna i nDún Chaoin.

Gan aon mhoill chuaigh Peigí i gcion ar mhuintir an pharóiste, agus bhí sí thar a bheith gníomhach in imeachtaí an pharóiste – Comharchum­ann Dhún Chaoin, Scoil Naomh Gobnait, Lá le Gobnait, cúrsaí eaglasta, oíche ráiseanna capall, agus go h-áirithe tráth na gceist idir dhá Nollaig i dTigh Kruger.

Thug sí blianta ag obair sa siopa leabhar in Ionad an Bhlascaoid mar a raibh eolas thar cuimse aici ar leabhair agus údair.

Ba bhreá le Peigí bualadh le daoine, bhíodh sí comh-oibreach, gealgáirea­ch agus muintearth­a i gcónaí agus chloisfeá míle ó bhaile í.

Bhí muintir Dhún Chaoin an-mhór le Peigí – tá sé ráite go mion-minic ó d’imigh sí uainn go raibh sí ar dhuine de na daoine is dea-thola a tháinig An Clasach anuas isteach an pharóiste.

Braithfidh muintir an pharóiste uatha go mór í chomh maith lena paróiste dúchais Fionn Trá agus leithinis Chorca Dhuibhne ar fad. Ní fhéadfá ach a bheith ceanúil ar Pheigí – b’shin é an sort í.

Maireann a fear chéile Tommy, iníon Neasa, triúr mac Seán, Gearóid, Cathal, gar chlann Dara agus Caoimhe Neil, deirfiúrac­ha, deartháir, agus gaolta.

Cuireadh Peigí i Reilig Naomh Gobnait, Dún Chaoin, ar 7ú Aibreán tar éis Aifreann na Mairbh a ceiliúradh chomh cumasach ag Sagart Paróiste An Fheirtéara­igh Eoghan Ó Cadhla i dteannta Sagart Paróiste An Daingean Seosaimh Ó Beaglaioch, An t-Athair Tomás Ó Hicí agus an t-Athair Séamus Ó Conmhaí. “Leaba i measc na naomh dhuit a Pheigí” Slán abhaile, slán go fóill,

Beidh mo chroí seo briste gan thú a stór, Nó go gcasfar arís orainn,

Éist is bí ag smaoineamh,

Ar an gceol ‘tá ag teacht,

Ó mo chroí ‘seo amach.

An dán seo ba rogha le Peigí a aithris ag imeachtaí sóisialta i mBaile An Ghleanna i gCillmhica­domhnaigh agus ag ócáidí eile: The Indispensi­ble Man or Woman:

Sometime when you’re feeling important; Sometime when your ego ‘s in bloom; Sometime when you take it for granted, You’re the best qualified in the room: Sometime when you feel that your going, Would leave an unfillable hole,

Just follow these simple instructio­ns, And see how they humble your soul.

Take a bucket and fill it with water,

Put your hand in it up to the wrist,

Pull it out and the hole that’s remaining, Is a measure of how much you’ll be missed. You can splash all you wish when you enter, You may stir up the water galore,

But stop, and you’ll find that in no time, It looks quite the same as before.

The moral of this quaint example, Is to do just the best that you can, Be proud of yourself but remember, There’s no indispensa­ble man.

 ??  ?? Peigí Mistéal
Peigí Mistéal

Newspapers in English

Newspapers from Ireland