The Kerryman (South Kerry Edition)
Up Daingean Uí Chúis agus Hup Scrathachaí!
BEIDH Ceolchoirm Chomórtha ar Oireachtas 1987, an chéad Oireachtas riamh a tionóladh i nDaingean Uí Chúis (nó An Daingean mar a bhí air ag an am), ar bun ag Oireachtas na bliana seo i gCill Airne, ar 9.30 pm, Déardaoin seo chugainn, 2 Samhain, sa Bhálsheomra, In Óstán Ghleann An Iolair, Cill Áirne. Osclófar na doirse roimh 9pm.
Is í Helen Ní Shé, RnaG, a chuirfidh an comóradh i láthair.
Beidh rogha de cheoltóirí agus d’amhránaithe Chorca Dhuibhne ar stáitse an oíche sin, idir óg agus cnag-aosta agus tabharfar ómós speisialta do bheirt a bhí an-ghníomhach sna hullmhúcháin don Oireachtas an bhliain úd (30 bliain ó shin - an chéad uair riamh a tionóladh An tOireachtas taobh thiar de dhroichead Chathair Uí Mhóráin): sin iad Jed Búdhlaeir (RIP) agus Aloysius Ó Cíobháin (RIP).
Is é Jed a bhí mar Chathaoirleach ar choiste áitiúil na bliana sin agus bhí páirt an-ghníomhach ag Aloysius sna hullmhúcháin chomh maith. Beidh baill dá dteaghlaigh i láthair ar an oíche.
Bhí An tOireachtas sa Daingean dhá bhabhta eile ina dhiaidh sin: i 1992 agus i 2001.
Tugtar creidiúint d’Oireachtas An Daingin 1987 gur é a spreag muintir Chorca Dhuibhne chun páirt níosa ghníomhaí a bheith acu in imeachtaí An Oireachtais ina dhiaidh sin agus tá creidiúint ag dul d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne as óganaigh na dúiche a oiliúint i gcúrsaí agallamh beirte, amhránaíochta, lúibíní agus scéalaíochta. Le blianta beaga anuas tá roinnt mhaith duaiseanna buaite ag lucht óg Ghaeltacht Chorca Dhuibhne i gcomórtais éagsúla faoi aois de chuid An Oireachtais.
Faraor, níor bhuaigh aon duine ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne príomh chomórtas An Oireachtais – sin comórtas amhránaíochta ar an sean-nós, nó Corn Uí Riada, mar a tugtar anois air, ó bhuaigh Seán de hÓra, ó Chloichear, Baile An Fheirtéaraigh, an comórtas sin, i dtús na seachtóidí den gcéad seo caite.
Ó 1987 i leith tá fás thar cionn tagtha ar fhéile an Oireachtais agus is ar éigean atá na háiseanna oiriúnacaha sa Daingean anois chun mórfhéile mar sin a thionól ann.
Beidh béim ar leith á cur ar dhream óg Chorca Dhuibhne sa cheolchoirm comórtha agus cuirfear lúibín, agallamh beirte, ceol, rince agus scéalaíocht i láthair sa chéad chuid den gceolchoirm agus an stáitse faoi na hógánaigh.
Orthu siúd eile a bheidh páirteach tá cuid de mhuintir Bheaglaíoch ó Bhaile na bPoc; Feargus Ó Flaithbheartaigh agus an Garfinny Céilí Band; Pádraig Ó Sé agus Caoimhghín Ó Sé (ómós do Mhaidhc Dainín); Tommy Ó Lubhaing, scéalaí; Páidí Mhárthan agus Beirní Pháid Ó Muircheartaigh agus ‘Mná An Oileáin’ – Eilín Ní Chearna agus Áine Uí Laoithe. Cead isteach €5 agus beidh ticéad crannchuir ar fáil saor in aisce in éineacht le gach ticéad iontrála.
Up Cuas agus Up Cam Amhais (mar a deireadh mac Dainín Dan).