The Kerryman (South Kerry Edition)
Tríú cnuasach filíochta ó pheann Pheadair
SEOLADH an cnuasach filíochta is deireanaí leis an bhfile Peadar Ó hUallaigh in Áras Bhréanainn Bhaile an Fheirtéaraigh ar an Satharn, 10ú Feabhra.
Is é Tráth na Táirsí an tríú cnuasach filíochta ó pheann Pheadair agus bhain an ceann seo Duais Oireachtais amach ag Féile an Oireachtais i gCill Airne mí na Samhna seo caite.
An file agus an t-údar ón LeithTriúch, Micheál Ó Ruairc a dhein an leabhar a sheoladh. Thug Micheál ardmholadh do Pheadar, go háirithe dá chuid dánta a bhfuil léiriú iontu ar an meas atá aige ar an nádúr is ar an dúlra, go háirithe, áilleacht Dhún Chaoin, an ceantar ina mhaireann Peadar fé láthair.
Beatha agus sláinte agus neart an duine dhaonna a cheiliúrtar i ndánta eile agus tá dánta eile fós ann a dheineann ceiliúradh ar na daoine a chuaigh i bhfeidhm ar Pheadar féin le linn a óige, sara mbain sé Corca Dhuibhne amach, agus ina dhiaidh sin na comharsana a roinn scéalta is seanchas na Gaeilge leis, agus iadsan a chuir oiliúint air mar fhile.
I measc na ndaoine sin a léiríonn Peadar ómós dó ina leabhar tá an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta a stiúir Ceardlann Filíochta sa Díseart sa Daingean a raibh Peadar ina bhall de ar feadh tamall maith de bhlianta.
Ghabh Peadar féin buíochas le baill na Meithle Filíochta sin, leis na foilsitheoirí Coiscéim, le hOidhreacht Chorca Dhuibhne & le Coiste na Féile Bige Filíochta a thug cuireadh dó an seoladh a dhéanamh in Áras Bhréanainn agus a dhein an ócáid thaitneamhach a eagrú i gcomhar le Peada agus leis an ealaíontóir Sandra Landers.
Tráth na Táirsí, Coiscéim, 2018, ar díol ar €7.50
– Le Caitríona Ní Chathail