The Kerryman (South Kerry Edition)
Lón súl agus anama ag Féile Ealaíne na Cásca
TÁLANN timpeallacht mhaorga Chorca Dhuibhne inspioráid ina slaoda ar a pobal ealaíne - cnoic is carraigeacha, bláthanna is bánta, gealas an tsolais is doircheacht an dorchadais. Gach aon ealaíontóir is a mheán féin aige lena phictiúir a chur fé bhráid lucht féachana.
Tá lón súl agus anama ar fáil ag Féile Ealaíne na Cásca 2018 in Áras Bhréanainn Chorca Dhuibhne. Tá 160 saothar ealaíne ó 90 ealaíontóir maraon le Taispeántas Ealáine na Scol ar taispeáint i mBaile an Fheirtéaraigh ó Shatharn Cásca. Tá obair ar taispeáint ag ealaíontóirí a rugadh agus a tógadh ar an leithinis, ealaíontóirí atá tagtha chun cónaithe anso nó ealaíontóirí a mheallann áilleacht is aoibhneas na dúichí iad go minic.
Is liosta le háireamh na healaíontóirí atá páirteach agus ina measc tá grúpaí ó Thigh Eoin sa Daingean, Gáirdín Mhuire agus Ionad Lae Tearmann.
‘Seoda Chorca Dhuibhne’ a bhí mar théama d’obair na scol i mbliana. Rudaí ‘luachmhara, suaithinseacha, speisialta…is iad atá líonmhar’ mar a deir leanaí Scoil Mhao- ilchéadair san Agallamh Beirte a scríobhadar le Eibhlín Uí Iarlaithe (scríbhneoir).
Dhein leanaí Scoil Iognáid Rís slabhraí péarlaí de sheoada bhaile an Daingin le Lone Beiter.
Danny Sheehy, atá ar Shlí na Fírinne uainn, a thurais mara is a bhua teanga a thug ionspioráid do leanaí Scoil an Fheirtéaraigh, Cnoc Bhréanainn agus Cam a’Lochaigh leanaí Scoil Naomh Eirc agus Port na bPúcaí leanaí Scoil Dhún Chaoin, agus iad go léir déanta gan cháim le cabhair Susie Ní Chearna.
An Stricín, An Searrach, An Seandroichead Traenach, Caisleán na Mín Airde & Na Clocha Seasta agus a bhfuil ina dtimpeall seoda Scoil Naomh Eoin Baiste, Lios Póil, agus An Dún Beag, láthair seandálaíochta ag Scoil Chill Mhic a’Domhnaigh fé stiúir Dhómhnail Uí Bhric
Leanaí Scoil an Ghleanna agus Scoil Cheann Trá agus cíocras feasa orthu mar gheall ar an saol fadó sna hagallaimh a dheineadar le Liam, iar-phríomhoide agus Dadó Pat, le cabhair ó Áine Uí Dhubhshláine
“Cad faoi ndeara é? Na moltacháin os a gcionn in airde sa spéir a raibh sé i gcumas gach ceann acu a dhath féin agus a scáil a tharraingt sa mhórmhuir”, a dúirt Tomás Ó Criomhthain fés na scamaill agus an solas agus mar a leagaidís scáil ar an dtimpeallacht fúthu. B’é an solas seo seod leanaí Scoil an Chlochair sa Daingean agus Scoil an Chlocháin leis an ealaíontóir Andrew Duggan.
Is seoda iad na saothair atá ar taispeáint ag leanaí bhunscoileanna Chorca Dhuibhne i mbliana.
Is taispeántas ealaíne pobail é Féile Ealaíne na Cásca ar cuireadh tús leis i Scoil Dhún Chaoin siar in 1974. Gura fada buan na healaíontóirí agus ár dtimpeallacht a thálann ionspioráid go fial orthu.
Is í Camilla Dinkel ó Siopa Leabhar an Daingin a d’oscail an taispeántas Satharn Cásca agus beidh sé ar oscailt gó dtí 1pm an Aoine 6 Aibreán. Is iad Oidhreacht Chorca Dhuibhne a eagraíonn an taispeántas le blianta fada agus táthar fíorbhuíoch don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a mhaoiníonn Scéim na gCúntóirí Teanga, as a eagraítear Scéim Ealaíon na Scol.