The Kerryman (South Kerry Edition)
Tom Neilí Ó Mainín dulta ar Shlí na Fírínne
FEIRMEOIR, iascaire, seanchaí, staraí, amhránaí agus fear cuideachan go smior ba ea Tom Neilí Ó Mainín, ó Thíorabháin, a d’imigh uainn ar shlí na fírinne le déanaí.. Sea mhuise, is fear suáilceach muinteartha agus fear go mbíodh aoibh na sástachta air i gcónaí, is cuma cad a bheadh ar bun aige.
Is dócha gur ag An tOireachtas, na blianta fada ó shin, a chuir an pobal Gaelach i gcoitinne aithne ar dtúis ar an bhfear mánla macánta seo.. Toisc gan é bheith ar fónamh le tamall anuas, áfach, ní théadh Tom go dtí An tOireachtas agus mhothaíomar uainn go mór é.
Ba dheacair teacht tharais mar chainteoir líofa Gaelainne. I bhfad sular thosaigh Tom ag dul chun An tOireachtas ar bhonn rialta do bhí sé áirithe mar shaoi ina phobal féin. Dream intleachtúil léanta ba ea Mainínigh Thíorabháin ar fad agus níorbh aon eisceacht é Tom.
Rámhaí breá naomhóige ba ea Tom agus is mó oíche a thug sé fliuch fuar ar an bhfarraige, i gCuan Áirt na Caithne agus i gcuanta eile in Iarthar Duibhneach, is é féin is a chriú ag iascach na maicréal gan mórán fáltais ar uairibh. Bhí sé páirteach i gcúpla rás naomhóg thiar i seascaidí a chéid seo caite.
Fear ab ea é a chreid i nDia agus i dtoil Dé agus ins gach aon rud a bhaineann leis sin. Chaitheadh a leithéid creidimh láidir a bheith aige agus é ag cur a bheatha i mbaol ar an mhuir mhóir. Is cuimhin lá amháin a thaispeáin sé scaball dom, tiomnaithe don Mhaighdean Mhuire, a chaitheadh sé gach oíche a bhíodh sé ar an bhfarraige agus é ag súil go dtabharfadh Sí abhaile slán é. Is mó iascaire a chaith a leithéid tráth den tsaol.
Ba bhreá leis bheith páirteach i seisiún amhránaíochta agus bhí stór maith amhrán as Gaelainn agus as Béarla aige, amhráin mhacarónach (dhá theangach) maille le roinnt aistriúcháin go Gaelainn ar amhráin Béarla, ar nós ‘The Rose of Tralee.’
Bhíodh fonn air cur isteach ar chuid de chomórtais ardáin an Oireachtais ach ní chun iomaíochta ba ea é sin ach chun a bheith sa chuideachta agus chun aithne a chur ar na hiomaitheoirí eile.
Bhuaigh sé cuid mhaith duaiseanna ag An tOireachtas agus d’éirigh leis An Chéad Áit a bhuachtaint sa Phríomh Chomórtas Scéalaíochta i 2008
Déanaimíd comhbhrón ó chroí lena bhean is lena chlann, a bhí leáite anuas air.