The Kerryman (South Kerry Edition)

Éigse na Brídeoige 2021 ar líne – léas dóchais in am an gháthair

- Le FÍONA DE BUIS

DÁ mbeadh gach rud ina cheart, bheimis ag tnúth le hÉigse na Brídeoige 2021 a thabhairt os comhair an phobail an deireadh seachtaine don 29ú go dtí an 31ú Eanáir, deireadh seachtaine na Féile Bríde.

Faraoir, ní féidir sin a dhéanamh i mbliana de dheascadh Cóivid 19.

Bhíomar ag súil le Amhráin na Ríochta a chur os comhair an phobail mar is gnáthach, le ceolchoirm, cainteanna, cur is cúiteamh agus spraoi. Ach caithfear fuineadh de réir na mine, agus ní mór dúinn i mbliana dul ar líne le léas solais a chaitheamh ar an ndúluachai­r.

Sular tháinig stop le gach aon rud, d’éirigh le Tim Dennehy, Seán Garvey, Rose agus Peter Mullarkey, Marion O’Neill agus Clare Horgan teacht le chéile in Eaglais Naomh Mhichíl agus na nAingeal Uile sa Choireán.

Dheineadar cuid de amhráin Uíbh Ráthaigh, idir amhráin Ghaeilge agus amhráin Bhéarla, a thaifeadad­h, agus beidh físeán den dtaifeadad­h sin ag dul beo ar an Aoine, 29ú Eanáir, ag 8in.

Ar an Satharn, 30ú Eanáir, ag 8in, óna tigh i gCorca Dhuibhne, tabharfaid­h an t-amhránaí Muireann Nic Amhlaoibh, le tionlacain ón ngiotáraí Gerry O’Beirne, léargas dúinn ar amhráin mhara agus amhráin eile ó Chiarraí atá ar fáil ar Thar Toinn: Seaborne, an dlúthdhios­ca nua aici.

Tá súil againn tuilleadh míreanna ar amhráin ó cheantrach­a eile i gCiarraí a sheoladh amach ar líne i bhfad na haimsire nuair atá deireadh leis na srianta.

Beidh gach rud ar fáil ar www.eigsenabri­deoige.com agus ar ár leathanach Facebook.

Anois teacht an earraigh – bígí linn!

 ??  ?? Muireann Nic Amhlaoibh
Muireann Nic Amhlaoibh
 ??  ?? Tim Dennehy
Tim Dennehy

Newspapers in English

Newspapers from Ireland