Irish Independent - Seachtain : 2020-03-18

Seachtain.spórt : 12 : 12

Seachtain.spórt

Seachtain.Spórt 12 Concubhar Ó Liatháin le Dé Céadaoin, 18 Márta 2020 Fortnite, League of Legends, FIFA, – na spóirt nua i ré COVID-19 Ar chuala tú riamh faoi Bugha? Is é seo an fear spóirt atá ina churadh domhanda sa ríomhspórt Fortnite. Nuair a bhuaigh sé Craobh an Domhain le déanaí, thug sé leis duaischist­e $2m lena chuid iarrachtaí ar scáileán na himeartha. Is é Fifa - leagan leictreona­ch sacair - an ríomhspórt is gaire d’fhíorspórt agus tá an t-iar-imreoir do Hull agus d’fhoireann na hÉireann, David Meyler (ar dheis), luaite mar ‘Pelé’ Fifa. Dá fheabhas é ar pháirc na himeartha, sin leasainm nár tugadh riamh air agus é ag imirt ar an bhfíorfhód seachas ar an bhfód fhíorúil. Le laethanta beaga anuas tá lucht leanta spóirt tar éis brostú ar líne agus iad ag imirt cluichí ar a bhfóin phóca, leithéidí 8 Ball Pool, chun am a bheidh siad sa bhaile agus gan spórt le bheith ag faire air a mheilt. Is mór an t-athrú é seo gan aon amhras ach gan seans go mbeidh go leor ag cur snas ar a scileanna i gcluichí Xbox agus Playstatio­n le linn na tréimhse seo atá romhainn. Ar aghaidh leis an ríomhspórt! PIC: ROMAN KOSOLAPOV / SHUTTERSTO­CK.COM Seachtain gan bhuaicphoi­ntí ná baol air An féidir a rá go bhfuil spóirt ann an tseachtain seo tar éis go bhfuil gach imeacht spóirt as seo go ceann roinnt míonna curtha ar ceal de bharr COVID-19? Euro 2020 sa shacar, Comórtas na Máistrí agus an PGA sa ghalf, ráis Foirmle 1, Príomhroin­n Shasana, na cluichí ceathrú ceannais de Chorn Heineken, an tSraith Náisiúnta Peile agus Iomána. Is liosta é seo nach bhfuil deireadh leis agus is cosúil go mbeidh sé ina shamhradh geal sara bhfeicimid spórt arís. Ach an rud atá tábhachtac­h tríd seo ar fad go bhfuil tuiscint ag domhan an spóirt anois go bhfuil an cine daonna faoi bhagairt ag an ngalar gránna seo nár chuala éinne trácht air go dtí tús na bliana seo. Beidh spórt againn arís ach idir seo agus sin beidh orainn cur suas le spóirt. Cúis mhaith mar sin le leanúint orainn ar bhóthar na sláinte le go mbeimid slán nuair a thagann spórt ar ais. Nach anois a thuigimid an luach atá le spórt agus na laochra a bhíonn páirteach ann! buaicphoin­te gorta iomaíoch PIC:XXX buaicphoin­te: iomaíoch: gorta: cúiseanna: bainisteoi­r: pearsa: highlight competitiv­e famine reasons manager personalit­y FOCLÓIRÍN

© PressReader. All rights reserved.