Irish Independent - Seachtain : 2020-03-18

Óg Seachtain : 7 : 7

Óg Seachtain

Seachtain Óg Seachtain 7 Dé Céadaoin 18 Márta 2020 Arthur Whitten Brown Rugadh Arthur i Meiriceá in 1886. Albanaigh ab ea a thuismithe­oirí ach tógadh é i Sasana agus bhí sé ina innealtóir ag obair lena athair i monarcha i Manchain. Bhí sé páirteach sa Chéad Chogadh Domhanda in 1914. Bhí mí-ádh air nuair a rugadh air agus ar an bpíolóta san eitleán leis. Chaith siad dhá bhliain san Eilvéis i gCampa Príosúin Gearmánach. Nuair a tháinig sé abhaile fuair sé an post mar threoraí don phíolóta, John Alcock. Is ansin a d’eitil siad trasna an Atlantaigh go hÉirinn. Lean sé air ag traenáil píolótaí san RAF go dtí gur éirigh sé as. Cailleadh é sa bhliain 1948. John Alcock Rugadh John Alcock in i Sasana sa bhliain 1892. Fuair sé a cheadúnas píolóta in 1912 nuair a bhí sé 20 bliain d’aois. Bhí suim mhór aige sa rásaíocht agus d’éirigh go maith leis i gcomórtais. Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda thraenáil sé píolótaí. Rugadh air sa Tuirc sa Chéad Chogadh Domhanda agus chaith sé seal i gCampa Príosúin Gearmánach go dtí deireadh an chogaidh. Nuair a tháinig sé abhaile lean sé air ag obair mar phíolóta chun trialacha a dhéanamh ar eitleáin nua. Ní maith an chríoch a bhí aige, áfach. Cúpla mí i ndiaidh an éachta a rinne sé le Brown, bhí timpiste aige in eitleán a bhí á thriail aige sa Fhrainc agus cailleadh é ar an láthair.

© PressReader. All rights reserved.